Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 November 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
4:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá dhá nó trí cheist eile agam. Maidir le cigirí, agus cé go bhfuil sé seo pléite cheana féin, tá sé thar a bheith tábhachtach, ní féidir glacadh leis más rud é go bhfuil cigirí ag dul isteach chuig ionaid éagsúla ag úsáid Bhéarla in ionad Gaeilge. Tá an t-eolas bunúsach ag teastáil uainn. Ba sin an chéad chéim. Níos tábhachtaí fós, cad iad na pleananna atá ag an Roinn maidir lena chinntiú go bhfuil neart Gaeilge ag cigirí ag dul isteach in ionaid Ghaeilge? Maidir le Pobal agus eagraíochtaí eile atá ag soláthar seirbhísí agus ag fáil airgead poiblí, cén chaoi a gcinntíonn an Roinn go bhfuil siad in ann feidhmiú trí Ghaeilge?