Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 November 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
4:00 pm
Ms Niamh Ní Dhómhnaill:
Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí atá freagrach as earcaíocht ghinearálta a dhéanamh don Státseirbhís. Bíonn painéal Gaeilge agus painéal Béarla. Tháinig mise isteach ar phainéal Béarla. Mar sin ní raibh a fhios ag an Roinn roimh ré go raibh Gaeilge agam. D'fhéadfadh é sin tarlú. Níl a fhios ag an Roinn cé mhéad duine atá ag teacht isteach le Gaeilge in aon bhliain.