Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 November 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
4:00 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé gaolta leis ach tá sé níos leithne ná sin. Mar a luaigh an Teachta Ó Snodaigh níos luaithe, má tá a fhios ag daoine go bhfuil an Ghaelainn ar fáil, úsáidfidh siad í leis an Roinn. Má chuireann daoine glaoch teileafóin ar an gceannáras agus mura bhfuil an rogha Gaelainne ar fáil, ní dhéanfaidh siad a ngnó trí Ghaelainn mar tá sé níos tapúla dul agus é a dhéanamh as Béarla.