Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 November 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
4:00 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá cúpla ceist agam. Éiríonn an chéad cheist as ábhar na hearcaíochta agus an bheirt atá le fostú an bhliain seo chugainn. An bhfuil daoine eile á bhfostú agus an é nach bhfuil ach beirt nó an mbeidh slua mór ag teacht isteach san fhoireann an bhliain seo chugainn? Cén céatadán den fhoireann atá á earcú ag an Roinn atá ag teacht le Gaeilge? Tuigim faoin mbeirt atá luaite. An é sin beirt as céad nó beirt as deichniúr atá ag teacht isteach? An bhfuil sibh ag cur leis an líon daoine a bhfuil an Ghaeilge acu mar chuid den fhoireann atá agaibh?
Maidir leis an 228 naíonra atá cláraithe leis an Roinn agus atá á rá léi go bhfuil siad ag déanamh a gcuid gnó as Gaeilge, an ndéanann an Roinn aon scrúdú faoi leith air sin? An leagann an Roinn síos caighdeán orthu nó an nglacann an Roinn go ndeirtear léi go bhfuil siad ag feidhmiú as Gaeilge agus fágtar mar sin é agus ní dhéantar aon scrúdú air sin? An bhfuil an Roinn sásta le pé badge atá á chur orthu féin nó an ndéantar scrúdú ar an gcaighdeán Gaeilge atá ann nó níos measa fós an cuma leis an Roinn?