Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 November 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
4:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Don tríú huair, an dtugann an Roinn aon tacaíocht do aon scátheagraíocht atá ag plé le naíolanna agus naíonraí? Mar shampla, tugann an Roinn Oideachais agus Scileanna tacaíocht do scátheagraíochtaí éagsúla agus déanann Ranna Stáit é sin go ginearálta. Tugann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go leor airgead do scáthreagraíochtaí an Roinn Sláinte atá ag plé le nithe éigin den saol. An dtugann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige tacaíocht do aon scátheagraíocht atá ag plé le naíolanna agus naíonraí?