Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhféadfainn dul ar ais arís? Bheifeá ag déanamh go maith dá dtiocfadh 10% den phobal ag lorg seirbhísí trí Ghaeilge, seirbhísí luathoideachais, bunoideachais nó meánoideachais. Téann formhór an phobail chuig seirbhísí a reáchtáiltear, a bheag nó a mhór, trí Bhéarla. Go deimhin féin, fuair mise mo chuid oideachais ar fad trí Bhéarla. Buíochas le Dia, bhí tacaíocht láidir don Ghaeilge tríd an oideachas sin. Táim ag cur ceiste mar ní fheicim go bhfuil aon bhaint aici leis an méid a dúirt an Roinn faoi thacaíocht a thabhairt go ginearálta, mar táim ag iarraidh go mbeidh sé mar chuid den phacáiste mór seo. Ní gá go gcosnódh sé mórán airgid. Ní airgead atá i gceist. Is polasaí atá i gceist. Bhí gach Roinn páirteach i réiteach na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus thugadar geallúintí ansin, mar is geallúint agus is polasaí Rialtais é agus réitíodh é i gcomhairle le gach Roinn Stáit mar a bhí ag an am sin. Bhí Roinn nó rannóg leanaí ann ag an am. An bhfuil an Dr. Lynch ag rá go bhfuil neamhaird déanta le hocht mbliana ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an méid a dúirt sé faoin luathoideachas? An bhfuil an Roinn, dá bharr sin, tar éis goid a dhéanamh ar chearta chuile ghasúr sa tír an Ghaeilge a shealbhú ag aois óg? Mar a dúirt mé, ní thuigeann gasúr fadhb teangacha. B'shin rud do dhaoine fásta. An rud is mó a theastaíonn ná polasaí, tacaíochtaí, fís, rannta beaga agus na rudaí sin ar fad agus go mbeidh polasaí ann ag dearbhú do lucht riartha naíolann agus naíonraí gur rud dearfach a bheadh ann go mbeadh an Ghaeilge measctha sa rud a chuirfí ar fáil. Níl mé ag caint ar na naíonraí a ritear trí Ghaeilge - tiocfaidh mé ar ais ar ball beag chucu siúd. Táim ag caint ar naíolanna agus naíonraí na tíre ar fad. Mar a deirim is goid atá i gceist gan é a bhronnadh ar na gasúir. Deir sibh go díreoidh sibh ar sheirbhísí trí Ghaeilge agus go bhfuil tábhacht ag baint leis sin. I suirbhé tar éis suirbhé taispeánann os cionn 90% den phobal go mba mhaith leo an Ghaeilge a bheith acu dá mbeadh sé éasca í a bheith acu. Ní fios domsa mórán tuismitheoirí sa tír a bheadh in aghaidh gur rud in aisce ar a gcuid gasúr é. Ní leithscéal ar bith é go bhfuil sibh ag déanamh rudaí eile; is féidir an dá rud a dhéanamh.