Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 November 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
4:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An gcuireann an Roinn an pobal, na hoidí agus na paistí ar an eolas go bhfuil Gaeilge ag na cigirí nó ag an gcóras i gcoitinne? Má dhéantar sin, cothóidh sé sin éileamh. Tá seanchleachtas ann go nglacann an pobal nach féidir leo seirbhís a fháil seirbhís a fháil as Gaeilge. Casann siad nó glacann siad leis as Béarla toisc nach bhfuil siad ag súil go bhfuil sé ar fáil as Gaeilge. Má chuirtear iad ar an eolas faoi go bhfuil Gaeilge ag an gcigire nó a leithéid, casfar ar an nGaeilge sa chéad áit.
Chun teacht ar ais ar an gceist a luadh roimhe seo, luaigh an Dr. Lynch na tuairiscí atá déanta as Gaeilge má tá an comhrá as Gaeilge. Ba chóir go mbeadh sé éasca go leor fáil amach cé mhéad tuairisc atá i nGaeilge nó an ndéantar aistriú go Béarla orthu chomh maith céanna? Nuair a dhéanann na cigirí na hagallaimh agus an chigireacht trí mheán na Gaeilge, bíonn an tuairisc as Gaeilge ina dhiaidh sin. Ba chóir go mbeadh sé éasca go leor fáil amach cé mhéad tuairisc atá déanta as Gaeilge agus as Béarla. Léireoidh sé sin go bhfuil na cigirí ag úsáid na Gaeilge nó nach bhfuil siad á húsáid nó go bhfuil duine éigin ag cur brú ar dhaoine casadh go Béarla.