Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 November 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
4:00 pm
Joe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níor fhreagair an Dr. Lynch an dara páirt den chéad cheist. An bhfuil aon coinníollacha teanga i bhfeidhm do na seirbhísí sin?
B'fhéidir gur chuir mé an dara ceist giota beag sciobtha so déanfaidh mé arís é. Tacaíonn an scéim deontais le clubanna óige áitiúla le gníomhaíochtaí clubanna grúpa óige faoi stiúir oibrithe deonacha ar leibhéal áitiúla. An bhfuil cuid den mhaoiniú a chuireadh ar fáil don scéim seo curtha i leataobh do chlubanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge? Tá cuid de na clubanna sin thart faoin tír, go háirithe sna Gaeltachtaí ach taobh amuigh de na Gaeltachtaí chomh maith. Tá a lán áiteanna ina bhfuil an Gaeilge ag teacht aníos le spreagadh nua so an bhfuil aon bhéim air sin?