Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 October 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Forbairt agus Todhchaí Raidió na Gaeltachta

4:00 pm

Mr. GearĂ³id Mac Donncha:

Bíonn siad ag cur leis an tseirbhís atá againn go laethúil agus ar bhonn níos leithne ná sin. Maidir leis na hathruithe atá déanta againn ar an sceideal, tá an próiseas seo ar siúl le sé nó ocht mí anuas. Bhí a fhios againn go raibh daoine ag fágáil ar phacáistí iomarcaíochta agus go mbeadh orainn breathnú ar an sceideal atá againn agus athruithe a dhéanamh. Ceann de na rudaí is tábhachtaí a rinneamar sa phróiseas sin ná go gcaithfeadh ionchur na foirne a bheith againn sna hathruithe agus sna leasuithe a bhí á ndéanamh. Bhí sé tábhachtach go mbeadh glór na foirne le cloisteáil ar dtús báire go bhfeicimis céard a cheap siad faoin gcraoladh atá againn, cé na háiteanna a bhféadfaimis feabhas a dhéanamh, agus gur cheart dúinn a athrú.

Rinneamar trí rud chun é sin a fháil. An chéad rud a rinneamar go raibh seisiún againn ins na réigiún ar fad leis an bhfoireann, áit ar dhéanadh seisiún brainstorming faoin sceideal atá againn agus faoi cé na hathruithe ar cheart dúinn a dhéanamh air. Rinneamar é sin i ngach réigiún. Chomh maith leis sin, ar fhaitíos nach raibh daoine sásta leis an deis a fuair siad sna seisiúin sin, chuireamar suirbhé ar líne le go bhfeadfaidís eolas a thabhairt dúinn ar an mbonn sin. An tríú rud a bhí ann ná go ndúradh le daoine gur rud é go raibh smaointe acu, dul isteach ag na bainisteoirí agus labhairt faoin sceideal agus faoi na leasuithe gur cheart a dhéanamh. B'shin trí bhealach a ndeachamar ag caint leis an bhfoireann faoi na hathruithe atáimid á ndéanamh. Nílim ag rá gur tháinig na hathruithe ar fad ón bhfoireann. Táim cinnte níor thaitin sé le go leor acu gurbh éigean dúinn an dara cuid den nuacht a bhaint den aer ar feadh dhá mhí. Tháinig go leor moltaí agus smaointe a bhí an-mhaith ón bhfoireann agus atá le feiceáil sa sceideal atá curtha ar an aer anois againn.

Chuamar go dtí an fhoireann, fuaireamar smaointe uathu. d'éisteamar leis an méid a bhí le rá acu agus tá an tionchar atá oibrithe acusan ar an sceideal atá againn anois le feiceáil ar na cláir agus ar na hathruithe atá déanta againn.