Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 October 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Forbairt agus Todhchaí Raidió na Gaeltachta

4:00 pm

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

An plean gníomhaíochta ag éirí as an straitéis. Tá RTÉ luaite go sonrach sa straitéis. Ceann de na tagairtí atá ann ná do normalú. Is é an tuairim atá ann ná go ndéanfaí an Ghaeilge a normalú ar an mbealach a mbeadh sé á dhéanamh taobh istigh de Sheachtain na Gaeilge ach go ndéanfaí é seo don bhliain ar fad. Tá é seo ag tarlú agus tús curtha againn leis seo le tamall trasna beagnach gach ardán. Is iad na hardáin is mó a thabharfaí faoi deara ná na hardáin ina mbíodh sé le linn Sheachtain na Gaeilge, is iad sin RTÉ 1 agus RTÉ 2. Táimid á dhéanamh sna háiteanna nach mbeadh sé á dhéanamh san am atá caite ó thaobh na meán sóisialta agus mar sin de. B'fhéidir dá mbeifí ag suí síos agus ag breathnú ar "Eastenders" bhí sé chomh réidh agus chomh cóngarach is go gcuirfí i láthair i nGaeilge é is a bheadh sé i mBéarla.

Taobh istigh den phlean gníomhaíochta féin, d'oibríomar i gcomhar leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, go háirithe i leith tograí digiteacha i bhfianaise na n-ardán atá ag RTÉ. Feicimid, agus feiceann an Roinn freisin, go bhfuil buntáiste ar leith againn sa mhéid go dtarraingíonn ardáin dhigiteacha RTÉ lucht féachana, éisteachta nó léitheoireachta an-mhór. Táimid á n-úsáid sin mar dheis ábhair Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine nó a chur ar shúile daoine. Is é sampla díobh sin go bhfuil suíomh nua Gaeilge forbartha againn, chomh maith leis an nuacht, mar tá an clár sin ann. Ina theannta sin, tá RTÉ.ieGaeilge againn. Ní hamháin go bhfuil sé sin ar an suíomh ach ma théitear isteach ar an aip newsnow, feicfear leathanach Gaeilge.