Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 October 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Forbairt agus Todhchaí Raidió na Gaeltachta

4:00 pm

Mr. GearĂ³id Mac Donncha:

An pointe deireanach gur luaigh an Teachta ná na hiriseoirí a chuireann an tseirbhís ar fáil a bheith ag freastal ar ócáidí. Is cinnte, tá teorainn leis an méid rudaí agus ócáidí gur féidir linn a dhéanamh agus a chlúdach ach déantar obair mhór ansin agus obair leanúnach ag iarraidh an oiread ócáidí a chlúdach agus gur féidir. Faoi láthair tá comhfhreagraí polaitíochta sa Teach seo againn a bhíonn ag freastal ar ardfheiseanna agus ar imeachtaí a bhíonn ag tarlú ó thaobh na polaitíochta de. Tá iriseoirí réigiúnacha againn atá ag obair ar na deasca áitiúla a bhíonn ag freastal ar na cruinnithe de chuid na gcomhairlí contae. Tá sé sin ag tarlú ar bhonn rialta sna contaetha Gaeltachta. Ó am go chéile chomh maith, cuirimid daoine amach ag ócáidí nach bhfuil luaite go dtí seo agam. Bíonn daoine ag freastal ar chluichí peile fud fad na tíre chuile dheireadh seachtaine. Déanaimid go leor leor craoltaí seachtracha nuair a théimid amach i measc an phobail. Mar shamplaí a thabhairt díobh sin, bhíomar i gColáiste Éanna i nGaillimh inné agus bhí an clár "An Saol ó Dheas" i mBaile Bhuirne Dé hAoine seo caite. Tá scaipeadh agus freastal á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ar na ceantair. Tá sé suntasach agus é déanta taobh istigh de na hacmhainní teoranta atá againn.