Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 October 2018
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Mid-Year Review of Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: Discussion
1:30 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá feabhas suntasach tagtha ar an líon daoine atá ag teacht agus ag imeacht ó ché Inis Oírr le roinnt blianta anuas. Nuair a chas mé le daoine ó Inis Oírr nuair a bhí mé ar an oileán, agus arís i nGaillimh an tseachtain seo caite, labhair siad faoin tábhacht a bhaineann le forbairt a dhéanamh ar ché Inis Oírr. Chas mé fosta le dream forbartha ó Inis Meáin agus le daoine ón gcomharchumann agus labhair siad faoi thábhacht na gcéanna fosta. Níl figiúr agam maidir leis an mbriseadh síos. Ós rud é go bhfuil ról ag Comhairle Contae na Gaillimhe fosta, b'fhéidir go mbeidís sásta an figiúr sin a fháil don Teachta.