Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 October 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Mid-Year Review of Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: Discussion

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá rudaí faoi leith i gceist leis an €2.65 milliún sin. Ní pleanáil teanga amháin atá i gceist. De réir mar a thuigim, tá caiteachas ar rudaí eile i gceist. An féidir leis an Aire Stáit mionbhriseadh síos ar an gcaiteachas measta a thabhairt dom? Céard a bhí i gceist leis an €2.65 milliún sin? An raibh sé i gceist cuid de a chaitheamh ar rudaí eile ar nós feidhmiú pleananna teanga agus réiteach pleananna teanga?