Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:25 pm

Ms Orlaith Ruiséal:

Tá ceathrar shaghas foghlaimeoir difriúil ós ár gcomhair amach. Tá sé an-dhian. Ón méid a chímse, tá sé an-dúshlánach. Má tá an t-ádh ann, beidh duine éigin a bhfuil an-taithí aige nó aici ann, mar shampla, stiúrthóir atá ag plé leis an rud le han-tamall. Beidh a leithéid de duine ábalta dul i ngleic leis sin ach tá sé an-dúshlánach é sin a bhaint amach laistigh de trí uair an chloig. An rud a dhéantar ná go ndéantar grúpáil bheag i ngan fhios do na leanaí. Cuirtear na leanaí beaga a bhfuil Gaolainn líofa acu in aice le chéile. Beifear ag súil le Dia go réiteoidh siad le chéile. Bítear ag grúpáil chomh mór agus is féidir. Táim díreach ag caint ar an dúshlán nach bhfuil ag seirbhísí eile nach bhfuil an cheist teangan i gceist acu, mar ní bhítear ag plé leis sin i seirbhís Béarla. Tá ualach mór gnéithe ar na daoine san earnáil Ghaolainne sa réamhscolaíocht. Arís, toisc go bhfuil rudaí ag fáil níos déine, tá níos mó oiliúint ag teastáil chun dul i ngleic leis sin. B'fhéidir go n-aontóidh Ms Mhic Dhonncha liom faoi sin. Tá sé ag fáil níos deacra agus níos deacra. Theastódh cuid nach mór a bheith i gcroí duine nó draíocht de shaghas éigin uathu nó uaithi chun é a bhaint amach. Tá Borradh, Blathú agus rudaí mar sin ann. Bíonn na leanaí á ngrúpáil i ngan fhios dóibh. Arís, is fadhb mhór í.