Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:15 pm

Ms Mairéad Mac Con Iomaire:

Ní dhéarfainn gur bac é. Baineann ceann de na príomhrudaí atá ag teastáil leis an bhfadhb atá ann. Ba cheart go mbeadh rannóg sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a bhféadfaí glaoch a chur uirthi agus, gan cheist, obair a dhéanamh trí Ghaeilge. Ba cheart go mbeifí in ann chuile ábhar a dhéanamh i nGaeilge agus go mbeadh fáil ar an gcóras leictreonach PIP trí Ghaeilge. Ba cheart go mbeadh sé sin ar fáil don earnáil teanga agus d'aon duine atá ag feidhmiú trí Ghaeilge. Ba cheart nach mbeimís i gcónaí ag cuardach ábhar i nGaeilge agus nach mbeadh sé orainn é a aistriú. Tá rud éicint ag rá liom go bhfuil sé sin ag dul sa treo ceart agus go bhfuil sé ag dul leis an plean gníomhaíochta a fhoilsíodh an lá cheana, ach caithfimid fanacht go bhfeicimid. Tá práinn leis sin. Is í sin an Roinn is mó a bhfuil orainn déileáil léi ó thaobh deontas, cigireachta agus chuile rud eile de.

Is é an rud céanna leis na cigireachtaí. Is i mBéarla atá siad. Chomh maith leis sin, is i mBéarla a thagann na tuairiscí cigireachta amach. B'fhéidir gur gcuirtear leagan Gaeilge leo. Níl sé sin fíor faoin Roinn Oideachais agus Scileanna. Caithfidh mé bheith ionraic faoi sin. Tá cigireachtaí an Roinn Oideachais agus Scileanna go huile is go hiomlán i nGaeilge. Nuair a thugann an Roinn cuairt ar rud, déantar chuile rud trí Ghaeilge. Caithfidh mé bheith an-ionraic leis sin.