Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 July 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)
4:45 pm
Ms Úna Ní Fhaircheallaigh:
Tá brón orm nach ndearna mé an cheist sin a fhreagairt. Pléimid é sin go rialta ag an gcoiste atá againn. Níl aon duine den triúr seo againne ag obair san ionad. Is an choiste atá ann. Pléimid go rialta é. Is é an rud a rinne an bainisteoir i mbliana ná déanamh cinnte de go raibh naíonra láidir leis an nGaeilge ann agus naíonra nach raibh chomh láidir sin leis an nGaeilge. Thriaileamar rudaí eile i rith na mblianta. Níl freagra na ceiste sin againne. Táimid ag breathnú air ach faoi láthair an chaoi a dhéanaimid é ná go bhfuil naíonra ann a bhfuil Gaeilge láidir ann agus naíonra eile a gcaithfidh siad níos mó aire a thabhairt ó thaobh na teanga agus iad a mhealladh le feabhas a chur ar an teanga.
An fáth gur bunaíodh an t-ionad ná go rabhamar ag iarraidh go mbeadh ní lom ann agus go dtosódh siad ag éisteacht leis an nGaeilge lá i ndiaidh lae, is é sin chuile dhuine san ionad ó bheith ina pháiste beag nó leanbh. Níl spás againn ach do thriúr nó ceathrar. Cé mhéad spás atá againn sa naíolann i gcomhair na bpáistí beaga?