Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 June 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Soisialaí

4:00 pm

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sílim go bhfuil an oiliúint ghairmiúil iontach tábhachtach agus ba mhaith liom cúpla ceist a chur faoi sin. An bhfuil go leor múinteoirí ar fáil chun é sin a dhéanamh? An bhfuil sé fógartha go bhfuil gá leathnú sa Roinn agus an ndéanfar iarracht daoine a mhealladh isteach don oiliúint ghairmiúil? An bhfuil seans acu dul go dtí an Ghaeltacht ar feadh tréimhse chun an méid Gaeilge atá acu ar a dtoil acu a chleachtadh agus a úsáid go nádúrtha? An bhfuil ciorcail chomhrá ar siúl sa Roinn chun go mbeadh daoine ábalta an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha eatarthu féin, agus chomh maith leis sin go mbeadh siad ábalta í a fhorbairt agus a fheabhsú go laethúil? Ós rud é go bhfuil sé deacair daoine nua a mhealladh isteach nó a fháil le caighdeán ard Gaeilge, is fiú na daoine sa Roinn a fhorbairt agus oiliúint ghairmiúil a thabhairt dóibh, mar tá bunús Gaeilge ag achan duine sa tír, ón meánscoil agus ón mbunscoil. Sílim go bhfuil sé sin tábhachtach.

Mar fhocal scoir, molaim an dea-obair agus na rudaí maithe atá ar siúl ag an Roinn agus a bhí léirithe níos luaithe. Tá an-spéis agam mar iar-mhúinteoir sa cheist seo faoi oiliúint inseirbhíse sa Roinn. Baintear an-úsáid as sin sa Roinn Oideachais agus Scileanna do mhúinteoirí agus a leithéid. An féidir é sin a dhéanamh go forleathan don Ghaeilge i Roinn na bhfinné?