Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 29 May 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge ar an Raidió: Údarás Craolacháin na hÉireann

4:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má tá sé sin fíor níl aon ghá le review. Ní oireann an dá rud. Bíonn review ann má cheapann an tUasal O'Keeffe uaireanta nach bhfuil na stáisiúin iomlán ionraic. Níl aon review ann i leith na Gaeilge. Is drochrud é sin. I ndáiríre, níl sé sin as an bpictiúr ón méid atá feicthe ag an gcoiste seo faoi gach rud atá an Stát ag déanamh. Is sampla é den taithí a bhíonn ag an nGaeilge. Tá gach duine ag rá go bhfuil siad ar son na Gaeilge agus go bhfuil siad ag déanamh a ndícheall ar a son, ach nuair a dírítear isteach ar na mionsonraí, is léir nach bhfuil sé sin fíor.