Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 29 May 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge ar an Raidió: Údarás Craolacháin na hÉireann

4:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas do na finnéithe as ucht teacht isteach inniu. Cuirfimid comhthéacs amach ar dtús. Cúpla bliain ó shin tháinig daoine le chéile agus rinne siad an staidéir cuimsitheach ar an teanga. Dar leo, tiocfaidh bás ar an teanga mar theanga phobail i gceann 15 nó 20 bliain. B'fhéidir go bhfuil muidne mar an ghlúin deireanach atá an Gaeilge mar theanga phobail ag feidhmiú sa tír. Is rud uafásach práinneach, deacair agus tábhachtach atá ann. Táimid i bponc i ndáiríre. Tá sé dochreidte go m'bhféidir go mbeidh mise ag labhairt le mac mo mhac ag rá go raibh mise ann nuair a bhí pobal, bailtí agus daoine ag labhairt Gaeilge go laethúil lena chéile agus go mbeadh ionadh air go raibh sé sin ann ag am éigin.

De bharr sin, tháinig an Rialtas le chéile, shocraigh siad ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus bhí siad chun gach rud a dhéanamh chun stop a chur leis an meath seo agus na phobail sin a aththógáil arís. I mo thuairimse, níl sé sin ag obair ar chor ar bith. Níl an Rialtas dáiríre faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, níl siad ag cur é i bhfeidhm ar chor ar bith má fheictear ar an méid airgead a chaitheann siad ar Údarás na Gaeltachta agus an earnáil Gaeilge. Tá sé leathaithe le fada anois an méid airgead a caitear ar phleanáil teanga. Tá Raidió na Gaeltachta mar an col ceathrar bocht ó thaobh an méid airgead a caitear air. Níl na príomhcláracha ar an stáisiúin ag fáil ach pinginí bocht.

Tagraím do TG4. Tá S4C sa Bhreatain Bheag ag fáil trí oiread an méad airgead atá TG4 ag fáil. Nuair a tháinig na saineolaí isteach cúpla seachtain ó shin agus bhí siad ag caint faoi chúrsaí chraolacháin sa tír seo mar gheall ar an Gaeilge, thug siad fianaise dúinne go bhfuil an rud i bponc freisin mar gheall ar chúrsaí craolacháin.

Tagraím do RTÉ Raidió 1, an príomhstáisiún Stát atá ann. Níl ach dhá uair sa seachtain chraolacháin as Gaeilge. Níl i gceist le leath de ach nuacht agus athchraoladh atá i gceist leis an leath eile. Más mian a thaispeáint do dhaoine nach bhfuil aon dáiríreacht ann ar chor ar bith, gur cuma cad a tharláionn, déanfar an rud seo.

Tá stáisiúin raidió eile ag cur cláracha ar siúl ag b'fhéidir a deich a chlog nó leathuair tar éis a deich san óiche nó leath bhealach tríd an oíche agus tá go leor stáisiúin eile ag déanamh neamhaird iomlán ar a chuid dualgaisí. Níl rudaí ag obair i gceart mar gheall ar raidió agus teilifís ar chor ar bith. Taobh amuigh de TG4 tá an méid output atá le feiceáil uafásach íseal sna stáisiúin teilifís eile.

Bhí an finné ag caint faoi na meáin shóisialta nua. Tá Facebook, Twitter agus Google le fáil i nGaeilge agus níl aon baint ag an Rialtas nó Údarás Craolacháin na h-Éireann leo ar chor ar bith. Is comhlachtaí ó tíortha eile iad. Mar sin, b'fhéidir go mba cheart dúinn Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus Údarás na Gaeltachta a thabhairt do tíortha eile agus beidh níos mó á dhéanamh acu mar gheall ar seirbhísí a thabhairt dúinn sa tír seo as Gaeilge.

Ceapaim go gcaithfimid athrú meoin iomlán a dhéanamh sa tír seo. Tá sé náireach i mo thuairimse an neamhaird atá déanta ag an establishment mar gheall ar an Gaeilge. Má leanfaimid ar aghaidh, is cinnte go mbeidh na torthaí céanna againn sa daonáireamh nua.

Tá a fhios agam go bhfuil rialacha ag Údarás Craolacháin na h-Éireann, go bhfuil buiséad aige agus go bhfuil sé srianta i slite mar gheall ar cad is féidir leis a dhéanamh. I ndáiríre ba mhaith liom a impí ar na finnéithe go bhfuil muidne ar an taobh seo den Stát ag iarraidh orthu go seasfaidh siad suas i bhfad níos láidre mar gheall ar an Gaeilge.

An bhfuil oifigeach lán-aimseartha Gaeilge ag Údarás Craolacháin na h-Éireann?