Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 17 April 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
7:25 pm
Mr. Daithí Mac Cárthaigh:
Bíonn daoine ón Teach seo fiú, an t-iarAire Shatter mar shampla a sheas an fód dó féin, atá an-chumasach seasamh an fhóid dóibh féin sa Chúirt Uachtarach.
Tagraím do na comharthaí bóithre. Luaigh mé go gcaithfear cloí leis an leagan a dhéanann Aire Stáit na Gaeltachta ordú ina thaobh agus i gcás áit sa Ghaeltacht, is logainm Gaeilge amháin a bheadh i gceist ansin. Baineann sé leis na horduithe. Bheadh fios níos fearr ag an Teachta Ó Cuív mar tá liosta fada orduithe logainmneacha Gaelach Gaeltachta agus tagraím do cheist Baile Bhuirne - B nó M. Bíonn cúrsaí le réiteach ansin.