Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:55 pm

Mr. Daithí Mac Cárthaigh:

Tá roinnt rudaí teicniúla agus tá rudaí eile anseo a shílfinn a dhéanfadh an-difríocht ach iad a chur i bhfeidhm. Baineann an chéad cheann le ceannteideal 3 agus leis an sainmhíniú atá ar chúirteanna, agus b'shin rud a bheadh an-chóngarach do mo chroí féin agus do chroí an Chathaoirligh, mar is as an nead céanna sinn ó thaobh cúrsaí gairme de. Faoin Acht mar atá, folaíonn an téarma "an chúirt" binse fiosrúcháin, ach molaim go leathnófaí é agus go mbeadh sé ar aon dul leis an mbreithiúnas a bhí sa chás An Stát (Mac Fhearraigh)v. Mac Gamhnia de, agus go bhfolóidh binse ar bith de chuid comhlachta phoiblí a bhfuil cumhacht aige faoin dlí cearta agus dliteanas na bpáirtithe os a chomhair a shocrú. S'éard a bheadh i gceist ansin ná go mbeadh an ceart ag daoine dul chun dlí as Gaeilge os comhair an WRC nó aon choiste de chuid aon chomhlacht poiblí a shocraíonn cearta agus dualgais. Is ceart bunreachtúil é ach ba cheart go mbeadh sé ina cheart féin faoin gcreatlach seo chomh maith ionas go dtuigfeadh daoine le cinnteacht cá seasann siad.

An dara rud in alt 3 ná go bhfuil cumhacht an Aire srianta faoi láthair maidir le rialacháin a dhéanamh mar go gcaithfidh sé cead a fháil ón Aire Airgeadais. Ba cheart go scriosfaí é sin. Is céim síos e do Roinn na Gaeltachta, seachas do Roinn eile, go gcaithfidh siad dul agus cead a fháil ón Aire Airgeadais chuige sin.

Maidir le reachtaíocht, aon áit sa stair gur tharla athrú teanga, agus is féidir linn féachaint ar chúrsaí na hAlban, cúrsaí na Seice nó aon áit den saghas sin, is ón mbarr anuas agus ó na cathracha amach a thagann athrú teanga. Ní thaitníonn sé sin linn atá i dtaobh le cúrsaí na tuaithe, ach tuigimidne go bhfuil cónaí orainn sa Ghaeltacht, go bhfuil taithí againn faoi chúrsaí na tuaithe agus go dtéann caint an bhaile mhóir i bhfeidhm ar chaint na tuaithe. Chítear é sin, fiú amháin, maidir leis an athrú a thagann ar chanúintí Béarla an aosa óig, go bhfuil sé i dtaobh le caint na cathrach toisc go bhfuil an meon ann go bhfuil sé sin níos sofaisticiúla.

Ó thaobh na háite seo de, is dóigh liom go bhfuil sé thar a bheith suntasach a laghad Gaeilge a bhíonn á húsáid i dTithe an Oireachtais. Nílim á rá sin le caitheamh anuas a dhéanamh ar éinne mar tá fadhb chórasach ann, sé sin, go ritear príomhghnó na háite seo, reachtaíocht agus Billí, i mBéarla mura mbaineann sé go dlúth le cúrsaí na Gaeilge nó na Gaeltachta. Bíonn an plé ar fad i mBéarla. Tá sé dodhéanta leasú a mholadh i nGaeilge má tá an Bille i mBéarla. Ní féidir é sin a dhéanamh. Laghdaíonn sé sin an méid Gaeilge a bhíonn á labhairt san áit seo, agus tugann sé sin le fios don phobal gurb beag an tábhacht a bhaineann léi agus nach bhfuil sa Ghaeilge ach ornáid. Sin é dáiríre polasaí neamhoifigiúil córasach an Státchórais ó cuireadh an Stát ar bun, faraor, in ainneoin go bhfuil daoine maithe taobh istigh den chóras. Is é sin mar atá an córas ag oibriú.

An moladh atá anseo ná go mbeimis ar aon dul le haon stát dátheangach eile, go bhfoilseofaí na Billí i nGaeilge agus go rachadh siad tríd an Dáil agus an Seanad go dátheangach. Faoi láthair ní dhéantar aon aistriúchán orthu go dtí go mbíonn siad rite, agus is é an míbhuntáiste a bhaineann leis sin ná nach mbíonn sa leagan Gaeilge ach tiontú oifigiúil. Má théann duine ina muinín sa chúirt, is féidir leis an taobh eile a rá go mba cheart dúinn féachaint ar an leagan Béarla, an leagan a bhfuil lámh an Uachtaráin leis. Ar shlí treisíonn an córas atá anois ann, is é sin nach ndéantar an t-aistriúchán oifigiúil go dtí go mbíonn an Bille rite, an coincheap agus an creideamh nach bhfuil sa leagan Gaeilge ach ornáid.

Chomh maith leis sin, tá sé taispeánta ar fud an domhain go mbíonn caighdeán níos fearr ag baint le téacs Bille má bhíonn sé dátheangach. Mar shampla, tá focal sa Bhéarla "interest", "matter of public interest" agus mar sin de. Bíonn sé decair a rá ó am go chéile cé acu atá i gceist le "interest", mar tá trí fhocal i gceist ansin in aon fhocal amháin. Tá leas i gceist, mar shampla, go mbeidh leas ag duine i rud éigin. Tá spéis i gceist chomh maith. Tá an tríú ciall leis. Tá go leor díobh sin ann, gur féidir leis an mBéarla nó le haon teanga a bheith doiléir. Dá mbeadh an dá leagan á dhréachtú in éineacht a chéile, is é is fearr a bheadh an dá leagan ar deireadh, mar bheadh an duine a bheadh á ndréachtú i nGaeilge ag cur ceisteanna ar an duine a bheadh á ndréachtú i mBéarla agus ag iarraidh cad go díreach a raibh i gceist aige nó aici. Is cinnte go mbeadh an rud thar a bheith níos soiléire i ndeireadh an lae. Is é an cleachtas atá ar fud an domhain, i gCeanada, sa Bhreatain Bheag agus mar sin de.

Ó tharla go bhfuil dualgas bunreachtúil ann, agus é ráite ag an gCúirt Uachtarach arís is arís eile in Ó Beoláin, in Ó Murchú agus mar sin de, go gcaithfear an leagan a chur amach, pé scéal é, bheadh sé i bhfad níos ciallmhaire, seachas a bheith ag cur, ar shlí, acmhainní amú ar leagan nach bhfuil céad faoi gcéad chomh bailí leis an leagan Béarla, dá dtosófaí ag an tús agus go dtosódh an Bille agus gach leasú air sa dá theanga oifigiúla ó thús deireadh. Rachadh sé sin i bhfeidhm ar gach aon Teachta Dála agus ar gach aon Seanadóir mar déarfaidís go raibh tábhacht agus cumhacht dhlíthiúil ag baint leis seo. Chomh maith leis sin, sna cuideachtaí móra aturnaetha fud fad na cathrach, dá mbeadh cás le troid, déarfaidís le duine a raibh Gaeilge aige nó aici a raibh ag Gaelscoil nó pé an rud é, súil a chaitheamh ar an leagan Gaeilge ar an seans gur ar éigean go mb'fhéidir leo leas a bhaint as. Is sa tslí sin go gcaithfí féachaint ar an téacs Gaeilge mar dhlí seachas mar ornáid.

Tá ioróin nach beag ag baint leis seo. De réir mar is eol don choiste, beidh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil oibre go huile is hiomlán don Aontas Eorpach ón gcéad lá Eanáir 2022. Faoi láthair, aon rud a dhéanann siad, aon rud a ritheann an Chomhairle agus an Pharlaimint in éineacht a chéile, aon treoir, aon rialachán nó aon chinneadh a ritheann siad, bíonn sé sin i nGaeilge chomh maith leis na teangacha oifigiúila ar fad eile. Tagann na tograí os comhair Pharlaimint na hEorpa i nGaeilge chomh maith le gach teanga oifigiúil eile. Tá níos mó stádais ag dlí an Aontais Eorpaigh i nGaeilge seachas dlí na Parlaiminte seo i nGaeilge, agus ní dóigh liom gur féidir leis sin seasamh, mar tá droch-chuma air. Tá an stádas sin thar a bheith tábhachtach don tír seo, mar a thuigimid go léir, faoi go bhfuaireamar réidh leis an maolú, go mbeadh an Ghaeilge lán-oifigiúil agus go mbeadh rannóga móra aistriúcháin sna hinstitiúidí ar fad.

Ceann de na cúiseanna go ndearnadh é sin, agus ba cheart dúinn é sin a cheiliúradh, ná ar mhaithe le líon na nÉireannach sna hinstitiúidí. Tá daoine inár n-aithne ar fad a thosaigh amach mar aistritheoirí atá anois ag plé le cúrsaí iompair, cúrsaí baincéireachta agus cúrsaí iascaigh. Cuireann sé sin go mór le seasamh na tíre seo ag an Aontas Eorpach, go bhfuil Éireannaigh ann gur féidir leo dul i dteagmháil leo is a rá, cogar, ní fheadar an bhféadfaí rudaí a dhéanamh dóibh. Is é sin an tábhacht a bhaineann le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach don Státchóras agus do na daoine sa Státchóras nach mbeadh chomh báúil don Ghaeilge. Tuigeann siad an méid sin agus caithfidh siad a thuiscint nach féidir leis sin seasamh, nach féidir leis an nGaeilge a bheith ina teanga oifigiúil oibre sa Bhruiséil, i Lucsamburg ag i Strasbourg agus í mar ornáid sa tír seo. Ní sheasfaidh sé sin.

Chomh maith leis sin tá moladh déanta mar gheall ar ionstraimí reachtúla. Tá airgead le caitheamh ag an Stát - cúpla céad míle euro - chun an acquis communautaire, dlíthe reatha an Aontais Eorpaigh, a aistriú go Gaeilge. Ní féidir le teanga a bheith leathoifigiúil ag leibhéal Eorpach. Is léir gur féidir sa tír seo, ach i saol na ndaoine fásta, ní bhíonn teanga leathoifigiúil. Cuirfear na riaráistí ar fad ar fáil i nGaeilge. Is dá bhrí sin go gcaithfimidne é sin a fhreagairt.

Tá sé thar a bheith deacair aon seirbhís a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge mura bhfuil an tAcht ar fáil agus an ionstraim reachtúil ar fáil mar ní féidir, mar shampla, na foirmeacha a chur ar fáil mar gur sna hionstraimí reachtúla a mbíonn na foirmeacha leagtha amach. Ní féidir leis an duine ar mhian leis nó léi a bheith ag feidhmiú trí Ghaeilge, fiú má tá duine i gceannas ar oifig i gceantar Gaeltachta, tabhairt air nó uirthi féin na foirmeacha reachtúla sin a chur le chéile.

Sin an dúshlán a bhaineann leis sin. I ndáiríre, nílimid ach ag iarraidh breith suas leis an gcleachtas atá san Aontas Eorpach ach is í an difríocht a dhéanfadh sé, ní hamháin sa tír seo ach i measc an pobail, ná go mbeadh an Ghaolainn mar theanga oibre cheart i dTithe an Oireachtais den chéad uair, seachas an chéad lá i 1919 nuair a bhí an Teach seo ina Ghaeltacht ar feadh lá amháin. Bhí Dáil Éireann mar Ghaeltacht ar feadh dhá uair an chloig sular iompaigh sí ar an mBéarla ar an dara lá.

Maidir leis an rud a bhaineann leis na cúirteanna anseo thar an leathanach, ní rachfaidh mé i bhfadscéal leis. Faoi láthair, má chuireann daoine an dlí ar chomhlacht poiblí sna cúirteanna sibhialta caithfidh an comhlacht sin iad a fhreagairt i dteanga oifigiúil a roghnaíonn na daoine príobháideacha sin. Má chuirtear an dlí ar Údarás na Gaeltachta as Béarla, caithfidh sé teacht isteach sa chúirt agus freagra a thabhairt i mBéarla. Má chuirtear an dlí ar Chomhairle Contae na Mí i nGaolainn, caithfidh an fhoireann dlí teacht isteach agus a bheith ag Gaeilgeoireacht. I gcead don duine a bhí mar Aire ag an am, agus tá sé os mo chomhair, an Teachta Ó Cuív, tá sé sin tar éis líon na gcásanna sna cúirteanna a reachtáiltear trí Ghaolainn a mhéadú go mór. An rud a bhí ann go dtí seo ná go rachadh duine isteach ag Gaeilgeoireacht agus bheadh an taobh eile ag Béarlóireacht. Bheadh an breitheamh ar a chompórd leis an mBéarla, mar ba é sin an taithí a bhíodh acu, agus bheadh caint an éilitheora ag seasamh amach. Ní hamhail atá sé níos mó. Má théann daoine chun cúirte in aghaidh comhlachta phoiblí as Gaolainn, freagraíonn an comhlacht an duine sin as Gaolainn. Tá daoine go bhfuil go leor taithí faighte acu ag an bpointe seo agus bíonn an caighdeán chomh maith le cás ar bith eile. Cuireann sé sin le líon na Gaolainne sna cúirteanna.

Ach níl aon choinníoll ann go gcaithfidh Gaolainn a bheith ag an mbreitheamh agus is é sin ceann de na rudaí a chaithfear a athrú. Tá nós ann breithiúna le Gaolainn á chur ann ach ní bhíonn sé absalóideach. Tá cás ag dul ar aghaidh san Ardchúirt faoi láthair mar gheall ar fhear i gCorcaigh gur diúltaíodh breitheamh le Gaolainn dó agus a chás á chloisteáil sa Chúirt Dúiche. Sin bac iomlán i ndáiríre. Théann daoine os comhair breithiúna nach dtuigeann iad.

Maidir le cúrsaí coiriúla, i gCeanada agus i bhformhór na dtíortha dátheangacha bíonn an rogha ag an duine a bhfuil an Stát ag dul sa tóir air nó uirthi an teanga oifigiúil ina ionchúiseoidh sé nó sí a roghnú. Ní mar sin atá sé sa tír seo. Ní dóigh liom gur cuireadh ionchúiseamh ar bun riamh sa tír seo sa Chúirt Chuarda i nGaolainn. Tharlaíodh sé fadó go mbíodh an sáirsint áitiúil ag dul ar aghaidh sa Ghaolainn i nGaillimh. Tarlaíonn sé fós ach níl aon riail ann gur amhail a bheadh sé. Is é a tharlódh go praiticiúl ná go bhfostófaí abhcóide don chás a bheadh á rith trí Ghaolainn, ach dhéanfadh sé difríocht an domhain ó thaobh dhearcadh an phobail i leith na Gaolainne dá mba teanga í gur féidir í a úsáid sa Chúirt Dúiche nó sa Chúirt Chuarda dá gcuirfí an dlí ar dhuine as tiomáint ar deoch nó as na gnáthrudaí eile a bhíonn ar siúl sa Chúirt Dúiche - gan ceadúnas a bheith ag duine dá mhadra, mar shampla. Sílim gur chomhartha mícheart ar fad é nuair a bhíonn cumhacht iomlán an Stáit i gcoinne duine agus gur i mBéarla a bhíonn sé i gcónaí, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht. Is smál é sin go bhféadfaí é a réiteach go héasca.

Tá rud agam chomh maith maidir le breithiúnais agus orduithe i dteanga na cúise, rud nach dtarlaíonn i gcónaí. D'fhéadfadh cás a bheith ag dul ar aghaidh i nGaolainn agus d'fhéadfadh an t-ordú agus an breithiúnas a theacht amach i mBéarla, rud atá seafóideach arís. Bíonn tionchar aige seo ar an ndearcadh a bhíonn ar dhaoine i leith na teangan. Ceaptar nach bhfuil inti ach ornáid gur is fiú í a labhairt agus gur is fiú í a thabhairt ar aghaidh don chlann agus mar sin de. Seo rudaí a bhféadfaí a réiteach go han-éasca. Chomh maith leis sin, ba cheart go cinnteofaí go seolfaí na himeachtaí trí mheán na Gaolainne nuair a bhíonn suí cúirte sa Ghaeltacht agus go dtarlódh sé go mbeadh suí amháin in aghaidh na bliana, ar a laghad, sna príomcheantair Gaeltachta. Leis seo, thuigfeadh daoine nach teanga í seo atá ar an dé deiridh ach go bhfuil an Stát ag tacú leis na hiarrachtaí atá siad á ndéanamh de bhun na pleanála teanga agus le húsáid na teanga a normalú sa phobal.

Bhí nós ann go mbeadh ainmneacha chomhlachtaí poiblí i nGaolainn. Ba cheart é sin a athbheochan. Bíonn an-tacaíocht ag a leithéid sin. Taitníonn sé go mór leis an bpobal go mbeadh ainmneacha chomhlachtaí poiblí i nGaolainn. Má tá comhlacht poiblí le feidhmiú den chuid is mó taobh amuigh den Stát, ní haon dochar a ainm a bheith dhátheangach. Tá rud eile agam a bhaineann le híomhánna nó lógónna. Faoi láthair is minic a bhíonn lógónna chomhlachtaí poiblí i mBéarla. Arís, maidir le brandáil, tugann sé sin le fios nach bhfuil fáilte roimh an nGaolainn sa teach sin.

Tá ceart bunreachtúil ann de bhun Ó Murchú v.Cláraitheoir na gCuideachtaí foirmeacha oifigiúla a fháil i nGaolainn ach caithfear dul chun na hArd-Chúirte chun é a bhaint amach. Cuireann sé bac iomlán ar ghnó a dhéanamh muna bhfuil foirm ar leith ar fáil. Tá an réiteach thar a bheith éasca. Ba cheart go mbeadh na foirmeacha oifigiúla ar aon dul leis an stáiseanóireacht agus na comharthaí a chuireann na comhlachtaí poiblí amach, is é sin go mbeidís dhátheangach. Sa chás go dtéann siad thar ocht leathanach, d'fhéadfaí leagan Gaolainne agus leagan Béarla a bheith ar fáil, ach i gcás formhór acu ba cheart go mbeidís dhátheangach le Gaolainn ar thaobh amháin agus Béarla ar an dtaobh eile. Dá mbeadh téarma ann nach mbeadh in úsáid go minic, d'aithneofaí ón mBéarla céard is brí leis an leagan Gaolainne. Is rud é seo a spreagfadh gnó trí Ghaolainn. Feictear dom go bhfuil leisce ar an Státchóras a leithéid a áisiú mar gheall go bhfeictear dó go gcuirfeadh sé tuilleadh oibre air. Ach má táimid ag cuimhniú ar céimeanna a thógaint a bheadh éasca, mar a dhéarfá, agus a chuirfeadh go mór le húsáid na Gaolainne leis an Státchóras agus an pobal i gcoitinne, sílím nach féidir cúlú ó na foirmeacha.

Tá píosa agam mar gheall ar chomharthaí tráchta. Faoi láthair seasann siad amach ar shlí mar bíonn gach aon chomhartha poiblí a chrochann aon chomhlacht poiblí dhátheangach leis an nGaolainn in uachtar. Is cuid é sin de normalú na teangan. Sílim go gcabhraíonn sé go mór le cúrsaí turasóireachta agus le brandáil na tíre seo mar thír ar leith a bhfuil a chultúr féin aici, mar thír nach Sasana í agus mar thír a bhfuil níos mó i gceist léi ná sin. San Acht 2003 níor tugadh i gceist na comharthaí tráchta, rud is féidir a dhéanamh go héasca ach na focail dhraíochta "in ainneoin aon achtacháin eile" a chur isteach sa bhforál sin. Tá na forálacha sin i m'aighneacht, ó 9(1A)(c)(i) go dtí 9(1A)(c)(viii), ar aon dul leis na forálacha atá sna rialacháin maidir le comharthaí eile. Tá sé ait agus náireach go bhfuil níos mó tosaíochta ag an leagan Gaolainne in Albain ná mar atá ag an leagan Gaolainne in Éirinn, go háirithe má chuimhnítear gurb í an leagan Gaolainne an leagan ceart sa tír seo agus gurb é an leagan Béarla an leagan atá truaillithe. Feictear dom go spreagfadh sé go mór spéis i bpobail áitiúla sa Ghaolainn agus sna logainmneacha, go mbeadh bród acu san áit air a bháistíodh na logainmneacha sin agus go gcuirfidís spéis sa teanga agus sa cheangal a bheadh idir áit cosúil le Béal Easa Dara agus an t-eas agus an crann darach atá ar an mbaile. Feictear dom go gcuirfeadh daoine spéis sa Ghaolainn ar an mbonn go mbaineann sí lena dtimpeallacht agus a n-oidhreacht féin.

Bhí caint anseo mar gheall ar chúrsaí earcaíochta sa Státseirbhís. Níl mé in aghaidh an 20% atá daoine ag moladh, ach feictear dom go bhfuil slí éifeachtach ann chomh maith a bhainfeadh leis an Státseirbhís amháin gan caint ar an seirbhís phoiblí. Mar a dúirt mé, táimid an-íseal sa tír seo ó thaobh caighdeáin teangacha eile seachas an Béarla. In ainneoin sin, déanann gach duine dhá theanga ar a laghad - nó bh'féidir trí nó ceithre theanga - ar an meánscoil. De ghnáth tagann siad amach agus bheadh idir leibhéil B1 agus B2 acu, is iad sin leibhéil an fhoghlaimeora chumasaigh. Leis an meon aonteangach Béarla atá sa Státseirbhís a leasú agus a bhriseadh, bheinn ag moladh nach bhfaighfidh aon dhuine aon phost sa Státseirbhís tar éis dáta áirithe mura mbeadh dhá theanga acu go dtí leibhéal B2. B'fhéidir go ndéarfaí go bhfuil sé sin pas crua, ach níl sé. Sin an gnáthrud a bheadh ar siúl in aon tír eile san Aontas Eorpach. Ní gá go mbeadh an Ghaolainn mar an dara theanga, ach bheadh Gaolainn ag go leor daoine. Cuireann go leor daoine atá in aghaidh cur le húsáid na Gaolainne san earnáil phoiblí an cheist cén fáth nach bhfoghlaimítear Fraincis nó Gearmáinis.

Is é an freagra atá air sin ná gur féidir Fraincís nó Gearmainis a fhoghlaim. Tá daoine le Fraincís agus Gearmáinis ag teastáil ón Státseirbhís. Caithfimid dul ag plé agus comhghuaillíochtaí a fhorbairt ar fud fad an Aontais Eorpaigh. Teastaíonn daoine uainn gur féidir leo dul agus labhairt le daoine ina dteanga fein san Ungáir, sa Rómáin, sa Pholainn, san Iodáil, sa Fhrainc agus sa Spáinn agus níl an córas oideachais ag cur é sin ar fáil faoi láthair mar gheall nach bhfeictear do na mic léinn go mbeadh aon úsáid acu do na teangacha sin amach anseo. Beidh muid thíos leis mar ní bheidh muid ábalta brath ar Shasana le cúrsaí a bhrú chun cinn dúinn ag leibhéal na Comhairle san Aontas Eorpach a thuilleadh. Beidh orainn comhghuaillíochtaí a chur ar bun sinn féin agus ní dhéanfaimid é sin má bhíonn muid i dtaobh le Béarla amháin. Dá bhrí sin, molaimse nach bhfostófaí daoine sa Státseirbhís feasta gan leibhéal bunúsach de dhá theanga ar a laghad acu. Leasódh agus d'athródh sé sin an meon atá againn maidir le teangacha agus ní bheadh muid ag útamáil le cé mhéad duine atá againn le Gaeilge. Bheidís ann mar is í sin an dara teanga is mó a bheadh ag daoine. Bheadh daoine ann le Fraincís agus Gearmáinis agus is féidir obair a bhaint astu sin chomh maith, sa phríomhionadíocht sa Bhruiséil, mar shampla. Tá daoine amuigh ansin agus bíonn siad i dtaobh le Béarla amháin agus, i ndáiríre, d'fhéadfaí leas níos mó a bhaint astu. Níl an Státseirbhís ann chun fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann. Tá an Státseirbhís ann le freastal ar riachtanais an Stáit agus, dá bhrí sin, go hindíreach le freastal ar mhuintir na hÉireann.

Tá moltaí ansin agam faoi cheannteidil 10 agus 11. Mar is eol don choiste, tá urghairí, nó injunctions, pleanála ar fáil. Má sháraíonn duine éigin an cód pleanála, tá cead ag duine ar bith dul isteach agus urghaire a fháil ón Ard-Chúirt nó ón gCúirt Chuarda chun rudaí a chur i gceart. Molaim go mbeadh cead ag duine ar bith dul isteach agus urghaire a lorg má sháraítear na rialacháin faoin Acht seo. Chabhródh sé sin go mór le cur i bhfeidhm an Achta agus taispéainfeadh sé don phobal gur leis an t-Acht. Bhraithfeadh na comhlachtaí poiblí freisin go bhfuil an Stát dáiríre faoi sin agus nach gá go bhfanfaí ar urghaire ón gComisinéir Teanga. Níl mé ag rá go dtarlódh níos mó ná cheann nó dó in aghaidh na bliana, ach d'athródh sé an meon. Ní bheadh daoine ag rá go mbaineann na rialacháin le Gaolainn agus mar sin ní gá iad a chur i bhfeidhm mar, mura gcuireann siad i bhfeidhm iad, bheadh an seans i gcónaí ann go mbeadh daoine áitiúla sásta dul isteach agus urghaire a lorg ón Ard-Chúirt. Níl i gceist ach go gcuirfí an dlí i bhfeidhm.

Ó thaobh na Gaeltachta de, ní dócha go n-easaontódh aon duine gur cheart go mbeadh na hoifigí sna ceantair Gaeltachta ag feidhmiú trí Ghaolainn agus go mbeadh seirbhísí trí Ghaolainn ar fáil ó na hoifigí a fhreastalaíonn ar cheantair Gaeltachta. Tá fadhb anseo le hearcaíocht. Tá mo chuid ráite agam faoi sin. Má leanfaimíd orainn ag fostú daoine nach bhfuil ach teanga amháin acu, ní thiocfaidh aon athrú ná feabhas air sin.

Maidir le seirbhísí sa Ghaeltacht, tá Údarás na Gaeltachta ann. Tá sé ag plé le pleanáil teangan faoi láthair. Tá foráil in Acht na Gaeltachta 2003 go bhféadfadh an t-údarás seirbhísí a chur ar fáil thar ceann comhlachtaí poiblí eile. Molaimse gur cheart go mbeadh air seirbhísí pleanála a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus go mbeadh Údarás na Gaeltachta mar údarás pleanála fisiciúla don Ghaeltacht. Mar gheall air sin bheadh dualgas air faoin Acht Pleanála cur le líon na gcainteoirí Gaolainne sa Ghaeltacht agus cur le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Bheadh sé ag dréachtú pleananna forbartha don Ghaeltacht seachas go mbeadh an Ghaeltacht, mar a tharla, i mbearna. Tá bearna anois maidir le freastal ar riachtanais tithíochta chathair na Gaillimhe mar gheall gurb é sin an chloch is mó atá ar pháidrín na n-údarás áitiúil a dhréachtaigh an plean. Dá mbeadh Údarás na Gaeltachta ag cur seirbhísí pleanála ar fáil, bheadh a mhalairt de scéal ann. Is bun agus barr an scéil a bheadh ann ná an áit a fhorbairt mar Ghaeltacht agus cur le labhairt agus úsáid na Gaolainne ann.

Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh an t-údarás seirbhísí an Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus seirbhísí an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara a sheachadadh sa Ghaeltacht. Feictear dom gurb iad sin na Ranna is mó a bhíonn ag plé le muintir na Gaeltachta. Dá mbeadh an t-údarás ag seachadadh na seirbhísí thar ceann an dá Roinn sin, is cinnte gur trí Ghaolainn a dhéanfaí é agus bhéifí ag cur fostaíochta ar fáil go háitiúil do mhuintir na háite ina teanga féin. Tá fostaíocht trí mheán na Gaolainne sa Ghaeltacht fite fuaite le cumas daoine leis an teanga maireachtaint ansin. Chonaiceamar é sin i Rinn Ua gCuanach, áit a bhfuil fás tar éis teacht ar líon na gcainteoirí Gaolainne mar gheall go bhfuil Nemeton, comhlacht closamhairc, ag feidhmiú trí mheán na Gaolainne. Ní féidir an dá rud a dheighilt óna chéile.

Tá rud agam mar gheall ar leasú ar sceideal an phríomh-Achta. Molaim go mbeadh an sceideal ar aon dul leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus go mbeadh gach ball Stáit istigh faoin Acht teanga go uathoibríoch. Tá rud eile agam ar deireadh agus ansin beidh mo chuidse ráite agam. Tá moladh agam mar gheall ar chosc ar thoirmeasc ar úsáid na Gaeilge san ionad oibre. Tharla sé faoi dhó go poiblí le bliain anuas gur cuireadh cosc ar dhaoine an Ghaolainn a labhairt san áit oibre. Dúradh le fear ón Moiltín a bhí ag obair i gCorcaigh gan aon Ghaolainn a labhairt san áit oibre agus cuireadh é óna phost mar gheall air sin. Tuigim go bhfuil cuinsí ann agus go bhfuil cásanna ar leith ina mbeadh gá d'ionad oibre feidhmiú i dteanga ar leith ar ócáidí áirithe ach ba cheart go gcuirfí an t-ualach ar an bhfostóir a chruthú go raibh sé riachtanach cosc a chur ar úsáid na Gaolainne san ionad oibre. Bheadh sé faoin gCoimisinéir Teanga cinneadh a dhéanamh an raibh an caighdeán sin sásaithe agus an raibh gá sa chás ar leith sin go gcuireadh cosc ar úsáid na Gaolainne. Arís táimid ag iarraidh cur le labhairt na Gaeilge sa tír seo seachas cead a thabhairt do daoine cosc a chur uirthi. Sin iad mo chuid moltaí. Táim tar éis dul tríothu go hacomhair.