Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:45 pm

Mr. Daithí Mac Cárthaigh:

Bail ó Dhia ar an gCathaoileach, na Teachtaí agus na Seanadóirí. Táim an-bhuíoch go bhfuair mé an cuireadh seo. Is ó Loch Garman ó dhúchas mé. Bhí mé ar an ollscoil i nGaillimh, áit a rinne mé dlí agus an Ghaeilge. Tá cónaí anois orm i nGaeltacht Ráth Chairn. Is abhcóide mé agus déanaim go leor de mo chuid oibre trí Ghaeilge, b'fhéidir idir aon cheathrú agus aon trian di. Dá bharr, tá saineolas agam go pointe áirithe anois ar chleachtadh an dlí trí Ghaeilge agus bhí baint agam le go leor cásanna ar bhain le cearta teanga san Ard-Chúirt, sa Chúirt Uachtarach agus mar sin de.

Chomh maith leis sin táim ag plé in Óstaí an Rí le daoine a oiliúint chun bheith ag obair leis na hinstitiúidí Eorpacha. Mar gheall air sin, tá eolas agus aithne curtha agam ar na hinstitiúidí Eorpacha agus ar an réimeas teanga atá ann agus is dóigh liom go bhfuil sé sin thar a bheith áisiúil ó thaobh obair an choiste seo de go bhfuilimid ag dul isteach i gcomhthéacs eile ar fad, ó thaobh cúrsaí teangacha, go háirithe tar éis na Breatimeachta, go mbeimid eisceachtúil, más maith leat, san Aontas Eorpach. Is é sin go mbeimid mar bhallstát nach bhfuil ár dteanga féin i réim agus chomh maith leis sin, go mbeidh ár bpobal difriuil ó phobail gach stát eile mar gheall go mbeimid i dtaobh le teanga amháin, rud nach bhfaigheann tú ar fud an Aontais.

Dá mhéad gur féidir linn, ba chóir dúinn sa phlé poiblí béim a chur ar ár mballraíocht san Aontas Eorpach agus ar an gcomhthéacs ina bhfuilimid, go bhfuilimidne ar shlí as alt leis an gcuid eile den Eoraip, agus gur ceart dúinn ár ndearcadh i leith teangacha per sea athrú. Mura ndéanfaimidne é sin, feictear dom go mbeimid i dtrioblóid mar ní bheimid ábalta comhghuallaíochtaí cearta a chur ar bun fud fad an Aontais.

Táim ag labhairt i mo cháil phearsanta. Mar a dúirt an Cathaoirleach, tá taithí agam ar chúrsaí pleanála teanga chomh maith. Táim i mo chathaoirleach ar choiste pleanála teanga na Mí. Ní deirim é sin ach go dtuigfidh an coiste an cúlra atá agam ionas gur féidir le na baill ceisteanna a chur. Táim i m’iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge chomh maith, más aon chabhair é sin don choiste. Rachaidh mé tríd an méid seo go mear. B'fhéidir gurb é sin an rud is fearr.