Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:45 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Níl na figiúirí a tháinig amach go hiontach. Ní fhéadfaidh aon duine é sin a shéanadh. B'fhéidir go bhfuil cúinsí eile mar gheall ar na figiúirí sin. Níl sé sin soiléir ach an oiread. Aontaím nach bhfuil na figiúirí iontach agus caithfimid é sin a aithint.

An plé faoi na spriocanna, tá deis sna caighdeáin. Mar a dúirt mé leis an Teachta Tóibín, beidh an sprioc sin, an ollsprioc de 20%, istigh ann ón gcéad lá nuair a bheidh an Bille achtaithe. Ansin, beidh an tAire Stáit in ann spriocanna a leagadh síos sna rialacháin. Is é sin an áit a bheidh na spriocanna. Nuair a thagann sé go dtí an Ghaeltacht, mar shampla, beidh deis ag an Aire Stáit, i gcomhar leis an bpobal agus leis an earnáil, spriocanna réalaíocha a thugann deis do na comhlachtaí éagsúla sna cúinsí éagsúla atá ann le daoine a earcú le Gaeilge i bhfianaise na holl-aidhme sin de 20% a leagan síos.

Ba mhaith liom a rá freisin go bhfuil rud difriúil faoin mBille seo nach raibh in aon Bhille eile a bhí ag plé leis an gceist seo, nó aon pholasaí a bhí ann feictear dom. Is muid an Roinn atá freagrach as cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta agus beidh muid i lár an phróisis maidir le hearcú a dhéanamh ar dhaoine le Gaeilge agus is rud é sin rud raibh ann go dtí seo. Beidh muid istigh ar an gcoiste comhairleach agus ag iarraidh ar na comhlachtaí poiblí a bheidh ag déanamh earcú ar dhaoine an sprioc sin a chur i bhfeidhm agus tuilleadh daoine a earcú. Beimid ag caint leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freisin maidir leis na córais a athrú chun tuilleadh daoine a chur ar fáil.