Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:35 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Tá. Is rud é a d'fhéadfaimis breathnú air. Ag deireadh an lae is é an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bhíonn ag deileáil leis na ceardcumainn ar bhonn náisiúnta. Táimid in ann labhairt leo agus féachaint cad a gceapann siad faoi sruth a thabhairt isteach go hinmheánach. Glaicim le pointe an Teachta. Dá mbeadh daoine ann, is cinnte go bhfuil cohórt de dhaoine a labhraíonn Gaeilge, go bhfuil cumas labhartha na Gaeilge acu sa Státchóras cheana agus nach bhfuilimid ag cloisteáil fúthu ar chor ar bith mar níl siad sásta a lámh a chur suas. B'fhéidir dá mbeadh muid in ann structúr gairme a chruthú dóibh siúd atá ag úsáid na Gaeilge go mbeadh deis ansin. Glaicim le pointe an Teachta agus is rud é sin gur ceart dúinn breathnú air.