Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:25 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Thóg sé beagáinín níos faide ná mar a cheap muid. Tarlaíonn sé seo leis an teanga i gcónaí. Mar is eol d'aon duine atá ag plé le cúrsaí teanga, tá rud bunreachtúil ann. Caithfimid bheith an-chúramach faoi aon rud atá beartaithe againn. De réir an Bhunreachta, ní féidir dul siar ar rudaí atá bainte amach cheana féin. Caithfimid bheith cúramach. Cheadaigh an Rialtas na cinnteidil seo bunaithe ar an tuiscint go mbeadh tuilleadh comhairliúcháin á dhéanamh againn le comhlachtaí poiblí, leis an gCoimisinéir Teanga, leis an gcoiste seo agus le dreamanna eile. Tá an próiseas ag tógáil beagáinín níos faide dá bharr sin. Táimid fós ar sceideal leis an reachtaíocht a fhoilsiú roimh an samhraidh.