Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:25 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Ní mhaith liom tuairim a thabhairt go garbh gan aon bhunús a bheith leis. Baineann an Bhille seo le hearcaíocht sheachtrach go príomha. Is ansin atá an smacht againn. Táimid in ann oibriú leis an Public Appointments Service agus dreamanna eile atá ag earcú daoine nua le córais a chur i bhfeidhm chun teacht ar dhaoine le Gaeilge. Faoi láthair, taobh istigh d'aon chomhlacht poiblí táthar ag brath ar dea-thoil ó dhaoine atá ag obair san earnáil. Mar a mhínigh mé ag an gcoiste seo cheana, bíonn drogall ar dhaoine scaití a lámh a chur suas agus a rá go bhfuil Gaeilge acu, mar go gcríochnaíonn siad suas le chuile shaghas aistriúcháin agus glaoch teileafóin. Is bocht an rud é go dtarlaíonn sé seo, ach tuigim an fáth atá leis. Is fadhb dhaonna í an deacracht seo. Bíonn muid ag brath ar dea-thoil na daoine atá ag obair sa chóras cheana. Tá an reachtaíocht seo dírithe ar earcaíocht sheachtrach.