Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:15 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Tá brón orm. Maidir leis an nGaeltacht, táimid ag iarraidh tús áite a thabhairt don Ghaeltacht. Tá cuid againn inár gcónaí sa Ghaeltacht agus níl sé sásúil go mbeadh seirbhísí trí mheán an Bhéarla á thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. Sa rud seo agus muid ag leagan síos caighdeán, beidh tús áite á thabhairt don Ghaeltacht. Sna caighdeáin sin, agus na rialacháin a dhéanann an tAire, beidh an deis spriocanna a leagadh síos le haghaidh oifigí áirithe agus le haghaidh caighdeán a chur i bhfeidhm sna hoifigí sin taobh istigh de spriocdhátaí.