Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:15 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Ní hea. Beidh coiste i gceist. Tá foráil sna cinnteidil faoin a mbeidh an tAire ag bunú coiste le comhairle a chur ar aon dream atá ag déanamh earcaíochta. Mar shampla, tá An Garda Síochána ann agus tá an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí ann. Déanann cuid de na ranna a earcaíocht féin ar cheadúnas. Shamhlóinn go mbeadh clár oibre leagtha amach ag tús gach bliain do na comhlachtaí seo a bheas ag déanamh earcaíochta. Beidh muidne ar an gcoiste, ag suí síos leo agus ag cur comhairle orthu faoi aon ghné a fheicimid, mar shampla, le haghaidh tús áite a thabhairt don Ghaeltacht. Má tá cohort de dhaoine le tabhairt isteach ag comhlacht poiblí, beidh muidne in ann a insint dóibh go bhfuil gá le daoine le Gaeilge má tá siad ag freastal ar lucht na Gaeltachta nó earnáil na Gaeilge ansin. Is é aineolas trasna an Státchórais uilig maidir leis na riachtanais Gaeilge go leor den fhadhb. Sin an cóir gnó atá againne. Tagann sé go dtí croílár gnó na Roinne go bhfuil spéis agus cur amach againne maidir le cúrsaí teanga agus na riachtanais atá ann. Beidh muidne istigh ag cur comhairle ar an earnáil mar chuid den choiste comhairleach seo.