Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 17 April 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
6:00 pm
Dr. Aodhán Mac Cormaic:
Léifidh mé an ráiteas oscailte. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gcomhchoiste as an gcuireadh a thabhairt dom teacht ós bhur gcomhair arís le labhairt faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017.
Tabharfaidh mé soiléiriú sa ráiteas seo maidir le nithe áirithe a bhaineann leis an mBille a bhfuil spéis ar leith ag baill an chomhchoiste iontu, mar a nochtadh i litir a chuir an cléireach chuig an Roinn le déanaí. Caithfear a chur san áireamh nach bhfuil gach rud a bheidh luaite agam faofa ag an Aire Stáit atá freagrach as an nGaeilge, an nGaeltacht agus na hOileáin nó ag an Rialtas go fóill agus gur uasdátú atá ann maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus dréachtaithe i leith an Bhille atá ar bun le tamall anuas.
Caithfear a chur san áireamh nach bhfuil gach rud a bheidh luaite agam faofa ag an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin nó ag an Rialtas go fóill agus gur uasdátú atá ann maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus dréachtaithe i leith an Bhille atá ar bun le tamall anuas. Beidh deis, dár ndóigh, ag baill an choiste tuilleadh plé a dhéanamh maidir leis na nithe seo ar ball, más mian leo.
Maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin atá ar bun, is féidir liom a dheimhniú gur chas oifigigh na Roinne, le linn an phróisis, le 13 cinn de na Ranna Stáit, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe san áireamh, agus le heagraíochtaí eile de chuid an Stáit. San áireamh anseo, bhí Oifig an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, Oifig an Ard-Aighne, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, an tSeirbhís Cúirteanna, Suirbhéireacht Ordanáis Éireann agus, dár ndóigh, Oifig an Choimisinéara Teanga. Tionóladh cruinnithe chomh maith le Conradh na Gaeilge agus le hionadaíocht ón earnáil dlí. Cuireann an réimse leathan tuairimí agus moltaí atá faighte ag an Roinn le linn an phróisis chomhairliúcháin seo leis na moltaí ón bpobal a tháinig isteach mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a rinneadh ceithre bliana ó shin. Tar éis an chomhairliúcháin seo uilig a chur i gcrích, tá an Roinn dóchasach go mbeifear in ann Bille a fhoilsiú roimh an tsamhraidh a dhéanfaidh an tAcht a láidriú ar mhaithe le seirbhísí d’ardchaighdeán a chur ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge i gcoitinne agus do phobal na Gaeltachta ach go háirithe.
Bhí spéis ar leith ag baill den chomhchoiste i gceannteideal 9. Maidir leis an sprioc a bheidh sa Bhille 20% dóibh siúd a earcófar don tseirbhís phoiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge, cé go gclúdóidh an sprioc seo an tseirbhís phoiblí uilig, caithfear a chur san áireamh gur córas casta é córas earcaíochta na seirbhíse phoiblí agus go gcaithfear a bheith cúramach nach n-imreoidh cur i bhfeidhm fhorálacha an Bhille leasaithe tionchar diúltach ar riachtanais gnó agus seirbhísí na gcomhlachtaí poiblí. Is próiseas fadthéarmach a bheidh ann an sprioc de 20% a bhaint amach agus tá tús curtha ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le feachtais feasachta sna scoileanna dara leibhéil agus sna hollscoileanna ar mhaithe le daoine óga le Gaeilge a spreagadh le cur isteach ar phoist sa seirbhís phoiblí. Bainfidh an sprioc de 20% le hearcaithe seachtracha amháin sa Bhille seo. Mar atá ráite i gceannteideal 9, is féidir leis an Aire Stáit coiste a bhunú chun comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí a bheas ag earcú daoine maidir le riachtanais Gaeilge na seirbhíse phoiblí, rud a chuirfidh go mór le cumas na gcomhlachtaí freastal ar lucht labhartha na Gaeilge.
Maidir leis an gceist atá ardaithe i litir an chomhchoiste i dtaobh cearta fostaithe a rogha teanga a úsáid agus iad ag plé lena bhfostóirí, tuigfidh an comhchoiste nach bhfuil sa Bhille seo ach moladh reachtaíochta maidir le húsáid na dteangacha oifigiúla san earnáil phoiblí. Níl aon fhoráil sa Bhille maidir le cearta fostaithe san earnáil sin ceann de na teangacha oifigiúla a úsáid go hinmheánach ina gcuid eagraíochtaí. I ndáiríre, is é tuairim na Roinne seo nach bhféadfaí foráil den tsaghas sin a chur i bhfeidhm go dtí go gcuirfear le líon na n-oifigeach le Gaeilge atá ag obair sa Státchóras.
Ní bheadh sé indéanta, ach oiread, d’eagrais Stáit dáta a leagan síos faoina gcaithfeadh 20% dá gcuid fostaithe bheith inniúil sa Ghaeilge. Mar is eol don chomhchoiste, is cainteoirí Béarla aonteangacha iad formhór na ndaoine atá ag obair sa Státchóras faoi láthair agus, cé go gcuirtear cúrsaí oiliúna Gaeilge ar fáil dóibh, ní féidir iachall a chur ar na fostaithe seo an teanga a fhoghlaim mar gheall, go príomha, ar na coinníollacha conartha faoina bhfuil siad fostaithe. Anuas air sin, is féidir leis an Roinn daoine óga a spreagadh le dul ag obair sa Státchóras, rud atá á dhéanamh againn cheana fein, ach ní féidir iachall a chur orthu iarratais a dhéanamh ar na comórtais.
Maidir le ceannteideal 10, is léir ón méid atá ráite agam roimhe seo nach féidir a bheith ag súil go mbeidh gach seirbhís ón Stát ar fáil ar chomhchaighdeán sa dá theanga oifigiúil sa ghearrthéarma, nó fiú sa mhéanthéarma dar liom. Tá dlúthcheangal, dár ndóigh, idir cheanntedieal 9 agus ceannteideal 10 den Bhille agus is léir gur próiseas fadthéarmach a bheidh ann an sprioc de 20% a bhaint amach agus líon agus caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a ardú.
Is í aidhm na Roinne cáipéis a fhoilsiú in éineacht leis an mBille a leagfaidh amach samplaí de dhréachtchaighdeáin. Cuirfidh an cháipéis seo ar chumas Bhaill an Oireachtais tuiscint níos fearr a bheith acu maidir le dearadh na gcaighdeán seo agus díospóireacht cuimsitheach a bheith acu ar an ábhar. Leagfar na caighdeáin do gach earnáil síos i rialacháin a dhéanfaidh an tAire Stáit tar éis dul i mbun comhairliúcháin leis na earnálacha éagsúla, agus beidh siad le hathbhreithniú go rialta de réir mar a ndéanfar níos mó daoine le Gaeilge a earcú don Státchóras agus cumas chomhlachtaí phoiblí cur lena gcuid seirbhísí i nGaeilge méadaithe, dá réir. Is é an Coimisinéir Teanga a dhéanfaidh monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus tá i gceist sa Bhille cur le cumhachtaí an choimisinéara chuige sin, mar atá leagtha síos i gceannteideal 11. De bharr na ndúshlán atá léirithe agam roimhe seo, is léir go mbeidh ar an Roinn an rogha maidir le maolú a thabhairt do chomhlachtaí poiblí a bhreithniú nuair a thagann sé go dtí cloí le gnéithe áirithe de na caighdeáin. Tabharfaidh sé seo deis do na comhlachtaí áirithe seo cur le líon na gcainteoirí Gaeilge atá fostaithe acu ar mhaithe leis na caighdeáin atá leagtha síos don earnáil a bhaint amach. Is tríd an bpróiseas comhairliúcháin leis na hearnálacha éagsúla, dár ndóigh, a thiocfaidh na hiarratais seo ar mhaolaithe chun solais.
Is léir ón méid atá ráite agam anseo gur dúshlán a bheidh ann an córas nua seo a chur ag feidhmiú ar bhonn éifeachtach. Síleann an Roinn, áfach, gur fiú tabhairt faoin dúshlán seo ar mhaithe le feabhas a chur ar líon agus caighdeán na seirbhísí atá á chur ar fáil ag an Stát do phobal labhartha na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta araon.