Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:15 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Chomh maith leis sin tá pointe déanta ag an Uasal Ó Domhnaill maidir le lógónna. Dúirt sé gur chóir go mbeadh sainmhíniú ann. Dúirt sé freisin gur chóir go mbeadh caighdeán ann i leith seirbhísí ateangaireachta. B'fhéidir go mbeadh sé in ann teacht ar ais le soiléiriú air sin. Maidir le spriocdháta ó thaobh na hearcaíochta agus na gcaighdeán de, cad iad na fadhbanna ansin? Cad iad na fadhbanna i leith seirbhísí ateangaireachta? Cad atá ag teastáil ón gComisinéir?