Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:55 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Tá dualgas san Acht rudaí a dtugtar "tograí beartais phoiblí" a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla - go bhfoilseofar iad ag an am ceannann céanna. Leagann scéim teanga na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil amach cáipéisí go bhfuil i gceist acu a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla. Is cinnte go dtagann an chuid sin den tionscnamh 2040 faoin mhéid atá geallta i scéim teanga na Roinne, sé sin, go bhfoilseofar é i nGaeilge agus i mBéarla.

An chuid eile ansin a thagann trí an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, níl aon gealltanas chomh sonrach leis sin sa scéim teanga. Táimid ar ais ag céard atá san Acht féin maidir le tograí beartais phoiblí. An cheist atá ann maidir leis an bplean seo ná an plean é atá aontaithe ag an Rialtas, seachas moltaí i ndáiríre, an leanann an gealltanas sin ar aghaidh? An dearca a bheadh agam sa chás sin ná gur plean é seo atá aontaithe, seachas moltaí. Dá bharr sin, d'fhéadfadh sé nach dtagann an chuid sin faoin gcuid sin den Acht. An bealach go b'fhéadfaí é sin a dhéanamh faoin Acht ná faoi alt 10 a deir gur féidir leis an Aire fo-ordú a dhéanamh go bhfoilseofaí cáipéisí nó doiciméid go bhfuil tábhacht faoi leith leo sa dá theanga. Níor tharla sé sin riamh agus níor tharla sé sa chás seo ach an oiread. Sin bealach amháin lena chinntiú go mbeadh a leithéid ar fáil ag an am céanna. Tá an dá pháirtí, an dá eagraíocht, an dá Roinn ag rá go bhfoilseofaí i nGaeilge é, ach i ndáiríre tá sé an-deireanach anois agus ní raibh sé ar fáil nuair ba cheart dó a bheith ar fáil do dhaoine ag am a fhoilsithe.