Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:25 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Le bliain, nuair a d'fhoilsigh mé an tráchtaireacht. An méid atá tarlaithe ná go bhfuil sé ráite go bhfuiltear chun deireadh a chur leis an gcóras agus córas na gcaighdeán. Tabharfaidh mé sampla amháin eile anseo, is é sin faoi Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain. Deir siad go méadófaí líon na bpreaseisiúintí a fhoilseodh siad sa dá theanga ag an am céanna, ó 5% go 7%. Tá sé sin ró-íseal, tá sé thar a bheith íseal agus ní dhéanfadh sé ciall dom mar Choimisinéir Teanga acmhainní na hoifige a úsáid chun anailís a dhéanamh ar rud chomh beag leis sin. Léiríonn sé an fhadhb atá ann leis an gcóras. Maidir leis An Bord Pleanála, mar shampla, dúradh go bhfoilseodh siad chuile phreasráiteas i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna, 100% acu, agus bhí an eagraíocht eile ag rá go ngabhfadh siad ó 5% go 7%. Léiríonn sé arís an difear idir na scéimeanna agus na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras sin.