Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:25 pm
Mr. Colm Ó Coisdealbha:
Fanann an scéim cúiteamh go dtí go dtiocfaidh foráil bhreise isteach gur féidir fíneáil a ghearradh. An rud atáimid a rá leis sin ná chaithfimis a bheith soiléir, má tá fíneálacha i gceist, céard a tharla do na fíneálacha. Cén dearadh a bheadh ar na fíneálacha? Cé a shocródh na fíneálacha? D'fhéadfaí breathnú air mar rud dearfach maidir leo gan dabht nó d'fhéadfaí breathnú ó thaobh diúltach orthu, ó thaobh fíneálacha a bheith á ngearradh agus go mbeadh ciorruithe ar sheirbhísí agus mar sin de. Tá sé tábhachtach é sin a shoiléiriú, is é sin an pointe atáimid á dhéanamh.