Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:15 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Ar phríomhcheist an Chathaoirligh ó thaobh na gcaighdeán agus spriocdháta le hiad a thabhairt isteach de, mar a bhí muid ag rá, thóg sé dhá bhliain na rialacháin a thabhairt i bhfeidhm ó thaobh comharthaíochta agus stáiseanóireachta, agus fógraí taifeadta béil ina dhiaidh sin, agus mar sin de. Shamhlóinn go dtógfadh sé an méid sin ama arís leis na caighdeáin. Is é an rud atá ag teastáil ná go dtabharfaí sampla sa reachtaíocht, nó fiú mar chuid tánaisteach den reachtaíocht, ina leagfaí amach go soiléir céard iad na caighdeán a bheas ann. Fiú amháin má tá scéimeanna teanga á ndaingniú amach anseo le linn an ama sin, ba chóir go mbeadh siad bunaithe ar céard a bheas ag teacht i bhfeidhm ó thaobh na gcaighdeán de. Ba chóir go mbeifí ag rá le comhlachtaí poiblí go bhfuil na caighdeáin seo ag teacht i bhfeidhm faoi cheann dhá bhlian agus go mbeidh caighdeáin leagtha síos ó thaobh suíomhanna gréasáin, an tairiscint gníomhach agus foilseacháin de. Táimid ag iarraidh, go dtí go dtarlódh sé sin, go bhfeicfimid é sin mar chuid den scéim teanga.