Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith agat, a Chathaoirligh, as sin agus míle buíochas daoibhse as teacht anseo inniu. Bhí sé go hiontach a bheith in ann éisteacht leis na finnéithe. Nuair a bhí mise ar a n-aois, ní bheinn in ann an rud sin a dhéanamh, i ndáiríre. Ní bheadh an mhuinín agam chun é sin a dhéanamh. Bhí sé ar feabhas ar fad. Mar a dúirt an Cathaoirleach, is drochrud ar shlí amháin, go bhfuil an méid rudaí sin ag cur isteach ar na finnéithe ar an aois atá acu anois, ach ar an lámh eile is rud iontach freisin go bhfuil siad chomh eolach ar cén sórt saoil ina bhfuil siad ag maireachtáil ag an mbomaite seo. Tá na fíricí acu, tá an anailís mar gheall ar na fíricí acu freisin agus tá sé sin tábhachtach. Ba cheart dom a rá do na finnéithe freisin go bhfuil an chumhacht acu, i ndáiríre, chun go leor de na rudaí sin a athrú ina saol. Ag eagrú, ag bailiú le chéile, ag obair go dian, is féidir leo na freagraí a aimsiú mar gheall ar na fadhbanna atá os a gcomhair.

Ag an bomaite is leis an gcoiste an fhreagracht an rud sin a dhéanamh.

Mar gheall ar an nGaeilge freisin, nuair a bhíonn seoid cosúil leis an nGaeilge ag duine, uaireanta bíonn sé deacair tabhairt faoi deara cé chomh luachmhar agus atá sé. Tá sé go hiontach luachmhar agus tá an t-ádh dearg ag na finnéithe go bhfuil an Ghaeilge chomh líofa acu freisin. Tugann sé solúbthacht smaoinimh do na finnéithe anois agus sa todhchaí.

Tá cupla ceist agam. An mbíonn deacrachtaí ag na finnéithe a gcuid gnó agus a saol a chaitheamh i nGaeilge? B'fhéidir dá bhféadfaimis éisteacht ó chúpla duine ó na hoileáin agus duine amháin ó Bhaile Átha Cliath? An ndéanann na finnéithe iarracht an Ghaeilge a úsáid ina gnáthshaol taobh amuigh den scoil, agus nuair a dhéanann siad iarracht, an mbíonn deacrachtai ag baint leis? An bhfuil aon duine sásta a lámh a chur suas faoi sin?