Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Ms Cáit Ní Fhátharta:

Is scoláire ardteistiméireachta mé i gColáiste Naomh Eoin, Inis Meáin ar Oileáin Árann. Táim an-bhuíoch as an deis seo a bheith agam labhairt sa Teach clúiteach seo agus ar ndóigh mo chuid a dhéanamh ar son scoláirí na tíre. Is tír í Éire a thugann deiseanna go minic don té atá faoi mhíbhuntáiste, gníomh atá le moladh go mór. Tháinig an clár DEIS, a aithníonn scoileanna a thagann faoi mhíbhuntáiste eacnamaíochta agus sóisialta, i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2005 agus a leathnaíodh amach é in 2017. Tugann an scéim deiseanna iontacha do ghasúir sna scoileanna DEIS bogadh chuig tríú leibhéal agus, faoin scéim HEAR, áiteanna a fháil ar chúrsaí ollscoile ar phointí níos ísle ná an gnáthscoláire. Tá deontas ann faoin scéim SUSI a íocann táillí coláiste agus deontais chothabhála le haghaidh daoine a thagann ó cheantair iargúlta, ag brath ar a gcúlraí eacnamaíochta. Tá na deiseanna iontacha seo ag brath ar chúlraí eacnamaíochta na dtuismitheoirí. Ní gá bheith ag maireachtáil ó lámh go béal sa tír seo le tuiscint nach mbíonn mórán le spáráil go minic ag an té atá ag obair. Nuair a thagann sé chuig freastal ar an gcoláiste, tá daoine atá i lár báire ag streachailt agus faoi bhrú.

Nuair a fuair mé an teideal seo, phléigh mé féin agus mo chomhscoláirí na deiseanna agus na mórdheacrachtaí atá romhainn mar scoláirí. Níl dabht ar bith nach raibh airgead nó costas ar bharr a mbéil ag gach scoláire, is cuma cén cúlra atá acu. Ní fadhb le duine amháin é seo, ach le chuile dhuine. Tá cáil na bpócaí folamh agus cloigeann tinn ar scoláirí ar aon chaoi, ach an bhfuil scoláirí an chéid seo níos boichte ná riamh? In 1996, tháinig deireadh le táillí tríú leibhéal trasna an bhoird do chuile scoláire, ba chuma cén chúlra a bhí aige nó aici. Cé gur chéim mhillteanach a bhí ann, níor bhain cinnteacht lena gcinniúint riamh. Mar thoradh ar an lagtrá eacnamaíochta, diaidh ar ndiaidh d'éalaigh na táillí ar ais faoi ainmneacha cleite ar nós "táillí clárúcháin". Níl institiúid sa tír nach mbaineann amach táillí suas go €3,000 a íocann scoláirí nuair a ghlacann siad a gcúrsaí. Má cháilíonn scoláire do dheontas SUSI, clúdaíonn an Stát an táille seo, gníomh a thugann an-chúnamh don té a dteastaíonn sé uaidh nó uaithi.

De réir suirbhé ar chostas dul chuig coláiste in Éirinn a rinne an comhlacht Zurich, cosnaíonn sé ar an meán €32,824 scoláire a thabhairt chuig céime in Éirinn. Le gairid, rinne an tÚdarás um Ard-Oideachas maoirsiú ar thaighde a léirigh go bhfuil deacrachtaí airgeadais ag aon trian de scoláirí na tíre. Ghlac 10% de scoláirí tríú leibhéal páirt sa staidéar seo. Sa staidéar céanna, dúirt duine as gach triúr go raibh deacrachtaí móra airgid acu. Dúirt leath acu go raibh siad ag obair i rith an téarma agus gan an obair seo nach mbeadh luach an choláiste acu. D'aithin an staidéar céanna go bhfuil tionchar diúltach ag an méid ama caite ag obair ar na gráid iomlán a bhaineann scoláirí amach, mar nach bhfuil sé ar chumas an lucht a chaitheann an-chuid ama ag obair mórán ama a thabhairt dá gcuid staidéar.

Tá oideachas iomlánach an duine ríthábhachtach domsa agus cuirim béim ar bheith folláin. In achar gearr, téann duine ó pháiste a bhíonn a dhinnéar réidh dó nó di chuile oíche go dtí duine fásta a dhéanann cinntí maidir lena shaol féin - má tá cornflakes mar dhinnéar aige nó aici, mar shampla. Am deacair a bhíonn anseo do dhaoine óga. Ní hé nach bhfuil na deiseanna nó na seirbhísí ann go minic, ach nach bhfuil a fhios ag daoine óga cén áit a bhfuil cabhair ar fáil agus nach leosan amháin a bhaineann an deacraíocht. Dá bhrí sin, ba cheart tuilleadh ama sna scoileanna a chaitheamh ar ullmhú do shaol na hoibre, ar thuiscint ar bhuiséadú agus ar láimhseáil airgid. Is é seo ceann de na deacrachtaí is mó a bhíonn ag scoláirí. Tá eolas faoi sheirbhísí éagsúla a thacaíonn leo ó thaobh sláinte coirp agus intinne an duine de dhíth orthu.

Mar réiteach na faidhbe, mholfainn go mbeadh ciste tríú leibhéal in ann iasacht maoiniú a thabhairt do scoláirí ar ús an-íseal. Ba chóir go mbeadh sé ar a gcumas an iasacht seo a íoc ar ais de réir a chéile nuair a bheidh siad i bpost lánaimseartha. Iarraim ar an Oireachtas fáil réidh leis an táille chlárúcháin do gach dalta, is cuma cad é a cúlra nó a chúlra. Tá go leor airgid i gceist le €3,000. Is é seo bun agus barr leis an mbrú airgeadais atá ar mhórán scoláirí. Iarraim ar thuilleadh maoiniú chun seirbhísí tacaíochta ag tríú leibhéal a bheith ar fáil chun scoláirí a theoiriú ar bhóthar a leasa. Is tír iontach í Éire ar go leor bealaí. Is iomaí deis atá amach romham sna blianta 2018, 2019 agus 2020, blianta a bhfuil mé ag tnúth go mór leo agus cinnte a mbeidh foghlaim iontu ní amháin go hacadúil ach ó ollscoil an tsaoil mhóir chomh maith. Níl mé ag iarraidh nó ag ceapadh gur chóir go mbeadh mo chuid oideachais go hiomlán saor, ach ba mhaith liom go mbeadh tacaíocht airgeadais ar fáil do chuile scoláire. Déanann sé ciall infheistíocht a dhéanamh ionainn anois chun an ráta críochnú coláiste a ardú agus a chinntiú gur ag tacú leis an Státchiste a bheidh muid agus muid ag obair ina rogha gairm amach anseo. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis seo a bhronnadh orm. Tá mé fíorbhuíoch.