Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha:

Más féidir liom teacht ar ais ar rud eile ó thaobh chúrsaí earcaíochta, phléigh an Seanadóir Brian Ó Domhnaill ábhar eile níos luaithe. Cinnte tagann daoine tríd an gcóras oideachais agus foghlaimíonn siad Gaeilge. Níl aon cheist faoi sin. Bhí grúpaí ar nós Gaeleagrais ag cabhrú le daoine a bhí istigh sa chóras freisin. Ach léiríonn an taighde idirnáisiúnta, go háirithe i gCeanada, go bhfoghlaimíonn céatadán fíor-bheag de na daoine nach bhfuil an teanga atá ag teastáil uathu acu é tríd córas ranganna nó córas oiliúna agus iad laistigh den phost. Ní raibh mé ag caint faoi chúrsaí Gaeilge, bhí mé ag caint faoi thaighde atá déanta i gCeanada. Is é sin an fáth go bhfuil gá go mbeidh an teanga sách maith ag daoine atá ag teacht isteach sa chóras.