Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Mr. Julian de Spáinn:

Mar a deirimid, is spriocdháta é sin a bhí againn nuair a thosaigh an próiseas seo ar fad. Ní fheicimid aon fáth go bhfuil gá é a shíneadh fós. Táimid ag iarraidh go mbeidh an plean cuimsitheach ceart curtha le chéile. Luaigh Dónal Ó hAiniféin agus Muireann Ní Mhóráin níos luaithe go bhfuil sé fíor-thábachtach go mbeidh sé sin déanta lámh le lámh le céard atá ag dul ar aghaidh sna scoileanna. Tá ceannródaíocht ar siúl againn sa chonradh. Tá tionscadal ar siúl againn i bpáirt leis an Roinn. Táimid istigh sna scoileanna agus institiúidí tríú leibhéal ag iarraidh daoine a chur ar an eolas go bhfuil a leithéid de fhéidearacht fiú ann. Táimid ag labhairt leo faoin Eoraip den chuid is mó, ní faoi na poist sa bhaile mar níl na poist sa bhaile ann. D'fhéadfaí sé sin a bheith athruithe.

Bhí an Teachta Tóibín ag caint faoin mbata mór. Cad é an bata mór le cinntiú go dtarlóidh na rudaí seo agus go leanfaidh siad? Tá rud amháin molta againn nach bhfuil san áireamh anseo ach go bhféadfaí é a chur san áireamh. Tá finéalacha luaite sna ceannteidil mar atá siad faoi láthair agus bheadh muid ag aontú leis sin mar a luaigh mé níos luaithe. Ach, sa chás nach n-oibríonn fíneálacha agus go gcuirtear pé tuairisc ón gCoimisinéir Teanga os comhair Tithe an Oireachtais agus fós nach bhfuil aon rud tar éis a tharla, sílimid féin gur chóir go mbeadh deis ag saoránaigh nó ag an gCoimisinéir Teanga dul chuig na cúirteanna chun cinntiú go mbeidh ordú cúirte curtha i bhfeidhm.