Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 6 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé
5:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé seo lárnach. Deirim i gcónaí go bhfuil dhá chineál duine ann ó thaobh postanna poiblí - daoine aonteangacha le Béarla agus daoine dátheangacha le Gaeilge agus Béarla. Tá mé ag caint faoi dhaoine le hoideachas tríú leibhéal, mar shampla. Níl éinne aonteangach Gaeilge ann ar an leibhéal sin.
Mar sin bheadh sé an-tábhachtach dúinne an cheist sin a thógáil láithreach leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus a rá leo - in ainm Dé - bíodh dhá pháinéil ann, ceann dóibh siúd atá in ann an dá chluiche a imirt agus ceann dóibh siúd nach bhfuil in ann ach cluiche amháin a imirt, agus ná bhíodh míbhuntáiste ar dhuine a bheith dhátheangach seachas a bheith aonteangach.