Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha:

Tosóidh mé leis an gceist ón Teachta Ó Cuív. Táimid ag iarraidh an rud seo a bhrostú ar aghaidh. Beidh deiseanna fós ann leasuithe a mholadh. Tá sé tábhachtach go gcuirfear an cheist seo ar ais ar bhord an Rialtais agus go mbogfar an Rialtas ar aghaidh. Le bheith macánta, bhí comhghéill i gceist sa bunBhille a chuir muid féin amach an chéad lá riamh. Má thiteann an Rialtas agus má thagann Rialtas nua ina áit - is cuma cén meascán páirtithe a bheadh ann - beidh buairt ann an mbeidh Acht chomh láidir againn. Níl aon cheist faoi ach nach mbeadh roinnt den Státchóras sásta an t-éileamh 20% a scaoileadh tríd sna cúinsí sin.

Bhí plé níos luaithe ar cheist an-mhaith faoin éileamh a bheadh ann. Táimid ag obair ar roinnt scéimeanna ar an dara leibhéal agus an tríú leibhéal faoi láthair. Táimid réasúnta dóchasach go mbeidh an t-éileamh ann. Ní mór dúinn breathnú freisin ar céard a bhí ar siúl ó thaobh cúrsaí earcaíochta. An babhta deireanach a fógraíodh scéim earcaíochta, cruthaíodh painéal Béarla agus painéal Gaeilge. Fágadh ar an bpainéal Gaeilge an cúpla chéad duine a chur isteach ar an bpainéal sin agus ar éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh. Dá mbeidís tar éis cur isteach ar an bpainéal Béarla, bheadh seans acu agus b'fhéidir go mbeadh post faighte acu ag an bpointe seo, ach ní raibh an deis sin acu. Fágadh i liombó iad mar go raibh na Ranna Stáit ag rá nach raibh aon éileamh ar phoist i nGaeilge. Bheadh an cúpla céad duine sin againn ar aon nós, mar thús, chomh maith leis na daoine eile lena mbeimid ag súil. Téann sé ar ais go dtí an plé a bhí againn roimhe seo. Má tá an t-éileamh ann agus má tá na poist ann, tiocfaidh na hiarrthóirí. Mar a dúirt an tUasal de Spáinn níos luaithe maidir le ceist na hEorpa, má tá poist san earnáil phoiblí le rátaí tuarastail agus coinníollacha maithe, beidh éileamh orthu.