Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

De réir mo léamh ar an mhéid atá á rá ag na finnéithe, tá cúig leasú uathu. Baineann an chéad dá cheann le 2020 a chur isteach mar spriocdháta ó thaobh feidhmiú an chórais faisnéise agus freisin maidir le hearcaíocht. Baineann na trí cinn eile leis na comharthaí bóthair, le margaíocht agus le comhfhreagras inmheánach. An bhfuil na finnéithe ag rá go gcuirfeadh na hathruithe sin, agus iad déanta réasúnta foirfe, leis an mhéid atá molta? Nílimid ag rá go mbeadh gach rud ann, ach is féidir dul ar aghaidh leis. B'fhéidir gurb é an rud is tábhachtaí le déanamh anois ná dul ar aghaidh agus Acht leasaithe a chur i bhfeidhm. Cuirfidh mé mar seo é. Bheadh gcomhghéill i gceist i gcomhthéacs an mhéid atá á lorg agus an dlús a bhaineann le rud éigin a dhéanamh. An bhfuil an ceart agam gur shin atá ar bun?