Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na finnéithe. Is maith an rud é go bhfuil siad anseo agus go bhfuil an comhrá seo againn. Tréaslaím leis na finnéithe i dtaobh na hoibre iontaí atá ar siúl acu. Fuair mé eolas faoin obair sin nuair a bhuail mé le cuid acu in Óstán Buswells. Is fiú an obair iontach atá ar siúl acu.

Tá ceist agam a bhaineann le rud beag tábhachtach. Tá sé mar éileamh go mbeidh Gaeilge líofa, nó Gaeilge mhaith, ag 20% de na fostaithe sa Státseirbhís, sna Ranna Stáit agus sna comhairlí contae. Is breá an t-éileamh é sin, ar bhealach, ach an bhfuil sé réalaíoch? An mbeadh dóthain iarrthóir sa tír leis an gcaighdeán cuí Gaeilge acu? An mbeadh go leor daoine le Gaeilge ann leis na poist seo a líonadh? Ba chóir go mbeadh, ach sílim go mbeidh deacracht ansin.