Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 6 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé
5:00 pm
Mr. Dónal Ó hAiniféin:
Má fhreastalaítear agus má chuirtear na seirbhísí ar fáil, bainfidh daoine úsáid as na seirbhísí sin. Is é an pointe teagmhála an pointe criticiúil. Sin an duine lena mbítear ag plé. Más féidir dul go dtí an duine sin faoi pé abháir atá i gceist - bíodh sé sláinte, oideachas, nó rud ar bith eile - is é seo an pointe criticiúil agus an áit gur gá dúinn feabhas a chur.