Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 6 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé
5:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba mhaith liom ceist a chur ar Iníon Ní Mhóráin. Is ceist an-simplí í. Glacaim leis go ndéanann na céadta agus na mílte teagmháil le COGG i gcaitheamh na bliana. Glacaim leis go bhfuil ar a laghad 90% den ghnó, nó níos mó, leo siúd a bhfuil Gaeilge acu, mar shampla na Gaelscoileanna agus mar sin de, déanta trí mheán na Gaeilge. Cén céatadán de na daoine ceannann céanna a bhacfadh leis an nGaeilge a úsáid agus iad a plé leis an gcuid eile den Roinn Oideachais agus Scileanna? An bhfuil aon bharúil ag Iníon Ní Mhóráin? Ar mhaith léi barúil a thabhairt?