Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Is é an pointe ná go raibh daoine ag rá ar feadh i bhfad nach raibh aon éileamh ar an earnáil lena bhfuil muidne bainteach nó ar an nGaelscolaíocht ag an mbunleibhéal nó ag an iar-bhunleibhéal. Bhí mé ag éisteacht le daoine i Luimneach ar feadh deich mbliana ag rá nach raibh aon éileamh ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. Bunaíodh ceann agus tá sé ar an iar-bhunscoil lan-Ghaeilge is mó sa tír. Nuair a chuirtear seirbhísí ar fáil, mar a dúirt an Teachta, bíonn daoine sásta iad a úsáid. Nuair atá ríomhphost á sheoladh ag daoine ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, tá dhá rogha acu. Má sheolann siad a ríomhphost i nGaeilge amháin, féadfaidh siad feitheamh roinnt seachtaine ar fhreagra a fháil. Má tá pointe teagmhála ag daoine le duine le Gaeilge agus má sheolann siad ríomhphost ag an duine sin, gheobhaidh siad teachtaireacht i nGaeilge ar ais go tapaidh ag rá go bhfuil an duine sin buíoch as an gcomhfhreagras, go bhfuil sé nó sí ag féachaint ar an ábhar agus go mbeidh siad ar ais chucu laistigh de tréimhse ama. Má sheoltar ríomhphost den leithéid sin ag oifigeach nach bhfuil inniúil ar an nGaolainn, beidh feitheamh fada fuar ar chosa laga i gceist. Táim cinnte go mbeidh ár gcairde ag caint faoi na ceannteidil eile ach, maidir leis an ceannteideal is tábhachtaí agus an 20% a fhad is a bhaineann sé linne, is gá an dá rud a fhorbairt go chomhthreomhar lena chéile. Ní féidir linn a bheith níos soiléire faoi sin.

Measaim go bhfuil an ceart ar fad ag an Teachta Ó Cuív ansin nuair a deireann sé gur gá an dlí, an maoiniú agus plean feidhmíochta a bheith ann. Is gá go mbeidh monatóireacht á déanamh ar an bplean sin de réir a chéile. Mura ndéantar é sin, mar a deirim, ní fiú aon ní an sprioc agus déanfar neamhaird don dlí. Mar is eol dúinn, níor oibrigh na scéimeanna. Má tá bunseirbhísí le bheith ar fáil trasna an bhoird agus iad a bheith ar fáil i nGaeilge, is é seo an chaoi lena dhéanamh - an céatadán de chainteoirí Gaeilge agus Béarla san earnáil a mhéadú.