Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 6 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Chun soiléireacht a thabhairt isteach, táimid anseo le breis agus bliain agus ta an t-uafás cur i láthair cloiste againn. Tá a fhios againn go bhfuil an córas teipthe. Seo iarracht ón Rialtas ag rá, de bharr na gearáin atá déanta, gurb iad seo na cinnteideal. Sin an fáth go bhfuilimid ag díriú isteach air. Aontaím leis na finnéithe agus aontaíonn an coiste leo. Táimid anseo gach uile coicís ag éisteacht le cur i láthair ag cur in iúl chomh dona agus atá an córas agus an easpa éilimh. Níl daoine ag éileamh na seirbhísí - sin fadhb amháin - mar nach bhfuil muinín acu go bhfuil na seirbhísí ann. I gcónaí nuair a thagann na Ranna os ár gcomhair, deirtear linn nach bhfuil aon éileamh. Sin an saghas rud a táimid ag éisteacht leis.
Níl mé ag aontú leis sin ach ag rá gurb é an saghas rudaí atá i gceist. Is iad seo na ceannteidil. Tá a fhios againn na fadhbanna. Sin an fáth a bhfuil mé ag cur brú ar na finnéithe, ar na Teachtaí agus ar an Seanadóir díriú isteach ar an rud atá faoi chaibidil againn.