Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 6 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé
5:00 pm
Ms Muireann Ní Mhóráin:
Tuigim an cheist atá an coiste ag cur orainn agus an brú atá an coiste ag cur orainn, ach dar liom féin, is cuma. Is cuma faoi an-chuid den stuif atá sa Bhille i ndeireadh an lae mura bhfuil daoine againn atá cumasach sa teanga agus in ann a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Is cuma faoi logoanna nó foilsiúcháin ach amháin go bhfuil na daoine ansin le Gaeilge agus an dream ar an taobh eile den bhinse atá in ann a gcuid seirbhísí a chur ar fáil dóibhse trí Ghaeilge. Ní hé go bhfuilimid ag tabhairt neamhaird ar an ról atá againn anseo ach táimid ag iarraidh díriú isteach mar tá dlí mar sin ann ach fós ní féidir le duine dul isteach in oifig an phoist chun stampa a cheannach.