Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Ms Muireann Ní Mhóráin:

An seasamh atá againn maidir leis na ceannteidil agus na scéimeanna ná go naontaímid go bhfuil teipthe orthu sin. Is é sin atá á rá againn. I measc na ndeacrachtaí a bhí ann leis na scéimeanna ná nach ndearnadh athnuachan orthu agus níor tharla na cineál seirbhísí a bhí á ngealladh ag na comhlachtaí éagsúla, agus ní tharlóidh, mar nach raibh agus nach bhfuil an córas ann chun iad a chur i bhfeidhm i gceart. Anuas air sin, bhí rudaí á gcur ar fáil i gcuid de na scéimeanna a bhí ann nach raibh ag teastáil ó na daoine. Maidir le hathbhreithniú iomlán a dhéanamh air sin, an méid atá á rá againn ná gur ag teacht ina áit a bheadh muid á mholadh. Táimid ag aontú nár cheart leanúint leis na scéimeanna mar a bhí.