Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 6 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé
5:00 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Fanóidh mé leis an figiúir 20% sin an méid is féidir liom. Go raibh maith ag na finnéithe as ucht na tuairimí ann. Is ceist maith é cad as a thiocfaidh an 20% seo mar ta sé soiléir ó na scoileanna agus na h-eagraíochtaí éagsúla go bhfuil deacrachtaí ann daoine a fháil, cosúil leis na finnéithe féin. Thóg sé thart ar bliain, agus n'fheadar ar bhfuair siad an duine ar deireadh. Go rialta bíonn ar scoileanna post a fhógairt arís agus arís, thart ar trí uair sara bhfaigheann siad aon duine cáillithe. Tá na finnéithe ag leagadh amach sort amchlár i gcóir an 20% seo. An bhfuil aon rud faoi leith in aigne ag na finnéithe go mbeadh sé thart ar cúig bliain nó deich bliain sara bheimís ag dul i dtreo an 20% sin? An bhfuil aon tuairim faoi leith ar sin mar bhí cúpla tréimhse ama luaite níos luaithe?