Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 6 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Aontaimid uilig leis sin, ach an fáth go bhfuileamar anseo ná chun díriú isteach ar an dréacht-Bhille agus ar na ceannteideal. Tá gá le reachtaíocht nua because theip ar an gcóras a bhí ann. Tá a fhios againn sin ón cur i láthair a bhí againne. Gabh mo leithscéal as ucht mé a bheith beagáinín dian, ach cé go bhfuil an rud atá ráite thar a bheith suimiúil agus cé nach bhfuil easpa dáiríreacht i gceist ar an gcoiste seo, tá ról le déanamh againn maidir leis an dréacht-Bhille agus na ceannteideal, so b'fhéidir go dtiocfaimid ar ais go dtí sin. Glaom ar an Teachta Moynihan.